Nár dheas an rud carr nua!

Níl aon dul as, tá carranna de dhíth orainn chun cur fúinn anseo i gConamara!

Tuigeann muid sa gComhar Creidmheasa go gcuirtear brú faoi leith ar dhaoine óga chun carr sábháilte, agus láidir a fháil – go h-áirithe má theastaíonn uathu slí mhaireachtála a bhaint amach leasmuigh den Ghaeltacht fad agus go bhfuileadar ina gcónaí anseo.

Tá sé in ann a bheith costasach carr maith, sábháilte a cheannach. Ach tá muid anseo le cuidiú! Chaith muid súil ar chuid de na roghanna atá le fáil ó gharáistí ar fud na tíre, agus seo thíos an t-aisíocaíocht a bheadh le déanamh agat chuig an gComhar Creidmheasa chun ceann de na carranna seo a cheannach:

Sampla 1

Volkswagen Gailf, 2013
Costas an chairr: €13,950
Cuir síos €5,000 agus Iasacht ón gComhar Creidmheasa ar an gcuid eile:
€40.55 sa t-seachtain thar tréimhse 5 bliana
Rátá úis: 6.720% APR
Costas na hIasachta: €1592.61.

Sampla 2

Ford Focus, 2011
Costas an chairr: €10,950
Cuir síos €5,000 agus Iasacht ón gComhar Creidmheasa ar an gcuid eile:
€26.96 sa tseachtain thar tréimhse 5 bliana
Rátá úis: 6.710% APR
Costas na hIasachta: €1058.77

Sampla 3

Kia Sportage, 2011
Costas an chairr: €14,000
Cuir síos €5,000 agus Iasacht ón gComhar Creidmheasa ar an gcuid eile:
€40.78 sa tseachtain thar tréimhse 5 bliana
Rátá úis: 6.720% APR
Costas na hIasachta: €1601.50

Déan teangabháil linn inniú chun labhairt faoi na féidireachtaí – ar 091 593421 nó ar Viber & WhatsApp ar 086 8484751.