5 fáth le iasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholm Cille

5 fáth le iasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholm Cille

An fealsúnacht a bhí againn i gcónaí ná a bheith ag breathnú ar rudaí ar bhealach difriúil. Tuigimíd an éifeacht dearfach is féidir a bheith ag iasacht ar do shaol, ag tabhairt seans duit na rudaí atá uait a cheannacht agus de bharr sin breathnaíonn muid ar do scéal iomlán.

  1. Cuireann muide iasachtaí ar fáil le tearmaí réalaíocha agus tugtar deis duit na hiasachtaí a íoc ar ais i mbealach a fheileann duitse.
  2. Ciallaíonn ár rátaí iasachta (idir 6.7% agus 9.41%) go mbeidh tú ábalta iasacht a fháil ag ráta réasúnta creidmheasa i gcomparáid le soláthróirí airgeadais eile.
  3. Níl aon táillí faoi cheilt nó costais idirbheartaíochta.
  4. Tá an iasacht ó do chomhar creidmheasa faoi árachas – faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha – gan aon chostais dhíreacha á ghearradh ortsa. Baineann iasachtóirí eile muirear amach ina leith sin.
  5. Má athraíonn do chúinsí pearsanta nó má tá fadhb ar bith agat tá sé éasca labhairt linn agus déanfaimíd muid gach rud go féidir linn chun cabhrú leat.

Ná déan dearmad ariamh gur ball tú den Comhar Creidmheasa agus ní custaiméir – tá muide anseo ar do shon.
Labhair linn inniu ar 091 593421 nó ar Viber / WhatsApp ar 086 8484751 nó buail isteach againn chun cainte linn.

5 séirbhís iontach atá ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille

5 séirbhís iontach atá ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille

  1. Is féidir teangmháil a dhéanamh linn, eolas agus foirmeacha a fháil uainn agus iarratas iasachta agus ballraíochta a dhéanamh trí Viber, WhatsApp agus Skype.
  2. Tá IBAN agus BIC ar fáil do gach ball agus táimíd in ann glacadh le h-íocaíochtaí leictreonacha chomh maith le dochar díreach a shocrú ó chuntais na mball.
  3. Margadh airgeadraí eachtracha ar fáil.
  4. Réimse leathan iasachtaí – iasachtaí chairr, iasachtaí pearsanta, iasachtaí oideachais, iasachtaí athchoiriú tí srl.
  5. Tá tú in ann súil a choinneáil ar do chuntas ar líne.
5 fáth le bheith i do bhall do Comhar Creidmheasa Cholm Cille

5 fáth le bheith i do bhall do Comhar Creidmheasa Cholm Cille

Mar atá scríofa ar balla an Comhar Creidmheasa, “Is ar scáth a chéile a mhaire ann muid”. Oibríonn muide le chéile – an fhoireann, an bhainisteoir, na h-oibrithe deonacha, na baill – chun cinntiú go bhfuil ár gComhar Creidmheasa in ann féidhmiú go h-eifeachtiúil agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh bliain i ndiadh bliana.

  1. Is institiúid áitiúil é an Comhar Creidmheasa agus ní institiúid airgeadais é, atá ann ar mhaithe le brabús.
  2. Tá sé áitiúil agus pearsanta – tá muide anseo ar do shonsa agus ar mhaithe leatsa.
  3. Is leatsa an Comhar Creidmheasa. Is ball tú agus ní custaiméir agus is cuma cé mhéad airgead atá agat linn, tá guth agatsa agus éisteófar leat.
  4. Tá sé an éasca teangmháil a dhéanamh linn – fón, Viber, WhatsApp, Skype – ag am a fheileann duit.
  5. Tá sé éasca ballraíocht a thógáil amach linn – tóg isteach do chruthúnas seoladh agus aitheantas, nó sheol chugainn iad trí Viber nó WhatsApp agus tabharfaidh muid aire duit.

Labhair linn inniu ar 091 593421 nó ar Viber / WhatsApp ar 086 8484751 nó buail isteach againn chun cainte linn.