Mar atá scríofa ar balla an Comhar Creidmheasa, “Is ar scáth a chéile a mhaire ann muid”. Oibríonn muide le chéile – an fhoireann, an bhainisteoir, na h-oibrithe deonacha, na baill – chun cinntiú go bhfuil ár gComhar Creidmheasa in ann féidhmiú go h-eifeachtiúil agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh bliain i ndiadh bliana.
- Is institiúid áitiúil é an Comhar Creidmheasa agus ní institiúid airgeadais é, atá ann ar mhaithe le brabús.
- Tá sé áitiúil agus pearsanta – tá muide anseo ar do shonsa agus ar mhaithe leatsa.
- Is leatsa an Comhar Creidmheasa. Is ball tú agus ní custaiméir agus is cuma cé mhéad airgead atá agat linn, tá guth agatsa agus éisteófar leat.
- Tá sé an éasca teangmháil a dhéanamh linn – fón, Viber, WhatsApp, Skype – ag am a fheileann duit.
- Tá sé éasca ballraíocht a thógáil amach linn – tóg isteach do chruthúnas seoladh agus aitheantas, nó sheol chugainn iad trí Viber nó WhatsApp agus tabharfaidh muid aire duit.
Labhair linn inniu ar 091 593421 nó ar Viber / WhatsApp ar 086 8484751 nó buail isteach againn chun cainte linn.