5 fáth le iasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholm Cille

5 fáth le iasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholm Cille

An fealsúnacht a bhí againn i gcónaí ná a bheith ag breathnú ar rudaí ar bhealach difriúil. Tuigimíd an éifeacht dearfach is féidir a bheith ag iasacht ar do shaol, ag tabhairt seans duit na rudaí atá uait a cheannacht agus de bharr sin breathnaíonn muid ar do scéal iomlán.

  1. Cuireann muide iasachtaí ar fáil le tearmaí réalaíocha agus tugtar deis duit na hiasachtaí a íoc ar ais i mbealach a fheileann duitse.
  2. Ciallaíonn ár rátaí iasachta (idir 6.7% agus 9.41%) go mbeidh tú ábalta iasacht a fháil ag ráta réasúnta creidmheasa i gcomparáid le soláthróirí airgeadais eile.
  3. Níl aon táillí faoi cheilt nó costais idirbheartaíochta.
  4. Tá an iasacht ó do chomhar creidmheasa faoi árachas – faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha – gan aon chostais dhíreacha á ghearradh ortsa. Baineann iasachtóirí eile muirear amach ina leith sin.
  5. Má athraíonn do chúinsí pearsanta nó má tá fadhb ar bith agat tá sé éasca labhairt linn agus déanfaimíd muid gach rud go féidir linn chun cabhrú leat.

Ná déan dearmad ariamh gur ball tú den Comhar Creidmheasa agus ní custaiméir – tá muide anseo ar do shon.
Labhair linn inniu ar 091 593421 nó ar Viber / WhatsApp ar 086 8484751 nó buail isteach againn chun cainte linn.