Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo – ag tiontú ar an teicneolaíocht dhigiteach

Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo – ag tiontú ar an teicneolaíocht dhigiteach

Beidh Comhar Creidhmheasa Cholm Cille Teo ar an gcéad Comhar Creidmheasa sa tír atá ag dul go hiomlán digiteach.  Faoin 10ú lá de  Mhí Aibreán beidh baill in ann teangabháil a dhéanamh linn, eolas agus foirmeacha a fháil uainn agus iarratas iasachta agus ballraíochta a dhéanamh linn trí Viber, Whatsapp agus Skype..
Cheana féín tá ár mbaill in ann nascadh linn tríd an suíomh idirlíon (www.cccholmcille.ie),  an ríomhphost (oifig@cccholmcille.ie), agus ar ndóigh san oifig in Indreabhán agus ar an gCeathrú Rua.  Ach i gceann coicíse beidh muid ag cur leis na bealaí atá ár mbaill in ann labhairt linn.<br>. ‘Sé seo an ré dhigiteach agus tuigeann muide go gcaithfear bogadh leis, le go mbeidh muid in ann freastal ar ár mbaill i mbealach áisiúl agus in ann seirbhís éifeachtúil a chur ar fáil dóibh. Tá ar a laghad próifíl mheán shóisialta amháin ag níos mó ná 94% de mhuintir na hÉirinn, agus Skype, Viber agus Whatsapp ar na haipeanna is mó a bhfuil tóir orthu.

Tá an saol iontach gnóthach agus tuigeann muid go bhfuil sé thar a bheith deacair do dhaoine am a thógáil le buaileadh isteach chun tabhairt faoi chúntas a oscailt nó cur isteach ar iasacht.  Is ar an mbonn sin atá muid ag bogadh ár séirbhísí isteach sa domhan digiteach agus muide ag iarraidh an chuid seo den tsaoil a dhéanamh níos éasca daoibh uilig.. So bígí ag faire amach don céim nuálach seo a bheas muid ag tógáil go luath!.

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*