Foirm Iarratais shamplach

Foirm Iarratais shamplach

Ar an dá rud is tábhachtaí a bhaineann le hiasacht tá: a bheith in ann airgead a fháil ar iasacht agus bheith ábalta an iasacht sin a íoc ar ais. Spreagaimid tú i gComhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta le do chuid airgid a bhainistiú go cúramach trí iasachtaí a struchtúrú a oireann do riachtanais agus do chumas an iasacht sin a íoc ar ais.. An fáth go bhfuil difríocht ag baint le hiasacht ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta

  • Níl aon táillí  faoi cheilt nó costais idirbheartaíochta.
  • Tá ár gcuid rátaí úis cothrom agus réasúnta i gcomparáid le heagraíochtaí eile sa mhargadh.
  • Ríomhtar aisíocaíochtaí agus d’iarmhéid atá ag laghdú á thabhairt san áireamh, sa chaoi go mbeidh níos lú úis á íoc agat le gach aon aisíocaíocht.
  • Tá an iasacht ó do chomhar creidmheasa faoi árachas – faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha – gan aon chostais dhíreacha á ghearradh ortsa. Baineann iasachtóirí eile muirear amach ina leith sin.
  • Beidh ar do chumas an iasacht a íoc ar ais níos túisce, beidh tú in ann aisíocaíochtaí cnapshuime breise a dhéanamh nó cur le do chuid aisíocaíochtaí rialta, gan phionós.
  • D’fhéadfadh sé go ngearrfadh iasachtóirí eile muirear breise ort mar gheall ar iad a íoc ar ais níos túisce!

Ciallaíonn ár ráta iasachta de 9.41% go mbeidh tú ábalta iasacht a fháil ag ráta réasúnta creidmheasa i gcomparáid le soláthróirí airgeadais eile – cuir sinne i gcomparáid le soláthróirí seirbhíse airgeadais eile agus beidh a fhios agat go bhfuil an margadh is fearr á fháil agat i  gComhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta..  Is ionann an méid iomlán a bheith iníoctha ag ball agus €6,227.40 ar iasacht €5,000 le ráta athraitheach úis 5 bliana, le haisíocaíochtaí míosúla de €103.79, le (ráta céatadánach bliantúil) APR de 9.41%.. Conas a dhéanaim iarratas ar iasacht:. I dtús báire, ní mór duit a bheith i do bhall de Chomhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta. Cliceáil anseo le tuilleadh eolas a fháil maidir le conas a bheith i do bhall. Do na baill atá againn, tabhair cuairt orainn nó cuir glaoch orainn agus beidh muid ábalta do chuid riachtanais a phlé leat agus foirm iarratais a thabhairt duit.. Tá iasachtaí faoi réir ag ceadú a fháil. Beidh feidhm le Téarmaí agus Coinníollacha.’

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

*