Service

Níl aon táillí i gceist – Seirbhísí saor in aisce – Áisiúil – Buntáistí don Phobal•    Ní ghearrtar aon táille, muirear nó costais chothabhála ar an gcuntas.•    Tá raon leathan seirbhísí airgeadais ar fáil againn le lascainí éagsúla agus seirbhísí saor in aisce  dár gcuid baill•    Rátaí úis iomaíocha ar iasachtaí•    Spreagadh agus comhairle i ndáil le clár coigilteas rialta•    Toradh ar do choigilteas trí dhíbhinní bliantúla agus aisíoc úis iasachta•    Íoc isteach i do chuid coigilteas nóan iasacht atá agat a íoc trí dhochar díreach nó trí asbhaint tuarastail gan aon ghá le bualadh isteach san oifig•     Árachas Coigiltis Saoil agus Cosaint Iasachta  gan aon chostas díreach do bhaill incháilithe<strong>Conas is féidir liom a bheith i mo bhall?</strong>

 

Tá sé éasca a bheith i do bhall! Le bheith incháilithe do bhallraíocht i gComhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta ní mór duit a bheith i do chónaí nó ag obair laistigh dár gceantar comhcheangal comhlachais (Na Forbacha go Gleann Trasna, le ceantar na nOileán agus an Cheathrú Rua san áireamh).Is ionann an comhcheangal comhlachais agus an fachtóir a thugann baill ar fad Chomhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta le chéile – is é sin atá comónta ag gach ball, m.sh., an áit ina gcónaíonn siad. Mar gheall ar an gcomhcheangal comhlachais, tá gach ball ar mhaithe le leas an chomhair chreidmheasa; tá aithne acu ar a chéile agus tá muinín acu as a chéile.Ní mór duit 2 chineál aitheantas a chur i láthair agus tú ag iarraidh a bheith i do bhall agus tá €5 ar a laghad riachtanach le cuntas a oscailt agus é a choinneáil gníomhach.Dá chineál aitheantais. Tá gá le cineál amháin Aitheantais ó gach aon roinn acu seo thíos:1.    Fianaise Aitheantais (ní mór go dtaispeánfadh sé sin cruthúnas dáta breithe &amp; an grianghraf is déanaí), m.sh., Pas reatha bailí, Ceadúnas Tiomána reatha bailí, Cárta Aitheantais reatha bailí2.    Cruthúnas maidir le Seoladh (ní mór go mbeadh an seoladh ina bhfuil tú i do chónaí faoi láthair le feiceáil air), m.sh. an Bunbhille Tí is déanaí (m.sh. BSL, Teileafón) nó Ráiteas Banc nó Cumann Foirgníochta.<strong>Déan teagmháil linn inniu le foirm iarratas ballraíochta a fháil.