Iasacht Clúdaithe 5%

Is bealach éifeachtúil, iasacht clúdaithe, le airgead a fháil agus gan baint den airgead atá i dtaisce agat.Tá cead agat suas leis an tsuim airgid atá i dtaisce agat a fháil ar iasacht ag ráta lascainithe úis de 5% (5.2% APR) agus díbhinn a thuilleamh ar an airgead atá i dtaisce agat freisin.

Príomhghnéithe

  • Ar fáil i gcomhair na n-iasachtaí ar fad atá urraithe go hiomlán ag Scaireanna/Coigilteas.
  • Téarma uasta iasachta – 5 bliana
  • Uasmhéid Iasachta - €30,000
  • Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce (Téarmaí agus Coinníollacha i gceist )
  • Ní bhíonn aon phionós má dhéanann tú aisíocaíocht ar an iasacht go luath
  • Téarmaí Iasachta Solúbtha
  • Déanfar cinneadh go tapa agus go cinntitheach

Na cúiseanna a bhfuil ciall le Iasacht Clúdaithe

  • Le leas a bhaint as ár ráta úis iasachtaí is ísle.
  • Ní bhaintear den airgead atá i dtaisce agat.
  • Roghanna aisíocaíochta solúbtha.
  • Ceadú iasachta ar an bpointe, ag brath ar choinne
  • Tá sé níos éasca iasacht a aisíoc ná airgead a chur i dtaisce arís.
  • Níl aon srianta ag baint le cuspóir na hiasachta
  • Ríomhtar aisíocaíochtaí ar d’iarmhéid laghdaitheach, ionas go n-íocann tú níos lú úis le gach aisíocaíocht.
  • Tá d’iasacht ón gcomhar creidmheasa clúdaithe faoi árachas – faoi réir téarmaí agus coinníollacha – saor ó aon chostas díreach ortsa. Gearrann iasachtóirí eile táille air seo.

* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.

Tá sé níos éasca anois ná riamh iarratas a dhéanamh ar Iasacht Clúdaithe. Níl ort ach logáil isteach i do Chuntas Baincéireachta ar líne agus déan iarratas inniu.