Iasacht Pearsanta 9.9%

Má tá tú ag iarraidh iasacht a fháil chun cabhrú le do chostais teaghlaigh nó chun cabhrú leat rud éigin mór a cheannach, tá iasacht phearsanta cheart againn a oireann duit. Faigh iasacht ag ráta iomaíoch de 9.9% (APR 10.39%) le roghanna aisíocaíochta solúbtha agus níl aon phionóis má aisíocann tú an iasacht ar ais go luath.

Tá an iasacht seo ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn airgead uathu le haghaidh nithe éagsúla, ar nós:

  • Laethanta saoire, Taisteal nó Saoire sa bhaile,
  • Ócáidí Teaghlaigh, Bainiseacha, nó Ócáidí Speisialta,
  • Costais Leighis, Fiaclóireachta, Dlí nó Sochraide,
  • Deisiúchán Cairr, Préimh Árachais Bhliantúil, nó costais mhóra teaghlaigh eile

Príomhghnéithe

  • Ar fáil i gcomhair na n-iasachtaí ar fad atá urraithe go hiomlán ag Scaireanna/Coigilteas.
  • Téarma uasta iasachta – 10 mbliana
  • Uasmhéid Iasachta - €75,000
  • Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce (Téarmaí agus Coinníollacha i gceist )
  • Ní bhíonn aon phionós má aisíocann tú an iasacht ar ais go luath
  • Téarmaí Iasachta Solúbtha
  • Is é an sprioc atá again ná cinneadh a dhéanamh laistigh de 24 uair an chloig tar éis dúinn na cáipéisí riachtanacha ar fad a fháil
iasachtaí do do chuid riachtanas pearsanta uilig

Mura bhfuil tú i do bhall ball is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht inniu. * Ar mhaithe le slándáil agus suaimhneas intinne cuirimid Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce. ** Tá gach iasacht bunaithe ar an gcumas aisíocaíocht a dhéanamh, ní ar do choigilteas.

* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.