Iasacht Athchóiriú Tí 6.5%

An bhfuil tú ag cuimhneamh ar do theach a athchóiriú nó a mhéadú agus tá cúnamh ag teastáil uait leis an gcostas? Céard faoi phaitió nua nó do ghairdín a réiteach? Is féidir lenár nIasacht d’Athchóiriú Tí cabhrú leat, is cuma cén rud atá ar intinn agat. Tá sé ar cheann de na hiasachtaí is mó a bhfuil tóir air agus feileann sé don chuid is mó de na hathchóirithe a bhaineann le tithe. Seo ceann de na rátaí is iomaíche a gheobhaidh tú ag ráta athraitheach (6.7% APR) ar iasachtaí os cionn €15,000.

Príomhghnéithe

  • Ar fáil i gcomhair Athchóirithe tí, Athmhaisithe tí, Píosa a chur leis an teach, nó Obair Dheisiúcháin a dhéanamh srl.
  • Téarma uasta iasachta – 10 mbliana
  • Íosmhéid Iasachta - €15,000
  • Uasmhéid Iasachta - €50,000
  • Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce (Téarmaí agus Coinníollacha i gceist).
  • Maidir le hiarratais ar Iasacht Athchoiriú Tí, d’fhéadfaí meastachá(i)n maidir leis na hoibreacha atá beartaithe a lorg sula n-eiseofaí an iasacht.

Mura bhfuil tú i do bhall is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht inniu. * Ar mhaithe le slándáil agus suaimhneas intinne cuirimid Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce. *Tá gach iasacht bunaithe ar an gcumas aisíocaíocht a dhéanamh, ní ar do choigilteas.

* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.