Iasacht Oideachais 6.5%

Tá an Ráta Iasachta 6.5% (6.7% APR) ar fáil dóibh siúd a théann ar ais ar scoil/choláiste chun an cháilíocht a theastaigh uathu i gcónaí a bhaint amach, nó dóibh siúd a thosaíonn ar an gcoláiste den chéad uair tar éis na hArdteistiméireachta.

Maidir leis an Iasacht

Má tá tú ag fágáil an baile den chéad uair le dul chuig coláiste triú leibhéal, nó má tá tú ag filleadh ar an oideachas le rud éigin nua a thriail tá iasacht Oideachais againn a oireann duit. Tá ár nIasacht Oideachais ar fáil chun cabhrú leat leis na costais go léir a bhaineann le saol an choláiste. Is cuma cén uaillmhian atá agat, bíodh sé mór, beag nó aisteach, tá iasacht Oideachais againn atá feiliúnach duitse.

  • Is féidir linn cabhrú leat iasacht solúbtha a fháil go héasca trí Chomhar Creidmheasa Cholmcille i gcomhair téacsleabhair, nó ríomhairí glúine, cíosa nó táillí cúrsa.

Mura bhfuil tú i do bhall ball is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht inniu. * Ar mhaithe le slándáil agus suaimhneas intinne cuirimid Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce. ** Tá gach iasacht bunaithe ar an gcumas aisíocaíocht a dhéanamh, ní ar do choigilteas.

* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.