Comhcheangal

Is éard is comhcheangal ann ná an rud a aontaíonn na baill uilig i gComhar Creidmheasa i.e. is féidir leis na daoine a chónaíonn nó a bhíonn ag obair sa gceantar céanna clárú le comhar creidmheasa. Sonraítear an ceantar ina bhfeidhmíonn an Comhar creidmheasa. Cinntíonn an comhcheangal go bhfuil an t-airgead atá i dtaisce ag baill den phobal ar fáil do bhaill eile mar iasachtaí. Ciallaíonn an comhcheangal seo go bhfuiltear ag obair ar mhaithe le leas na mball sa phobal.

Taispeánann sé go héifeachtach an chaoi gur comharchumann creidmheasa é comhar creidmheasa agus bíonn na baill ag obair le chéile chun saol níos fearr a chruthú dóibh féin.

Le bheith i dteideal ballraíochta, caithfidh tú a bheith i do chónaí nó ag obair inár gceantar comhcheangail; Na Forbacha, An Spidéal, Indreabhán, Ros a Mhíl, Camus, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán.

Tá duine ar bith a chónaíonn, a oibríonn, a fhreastalaíonn ar scoil, nó ar choláiste sa cheantar thíos i dteideal a bheith ina Bhall

Má tá cuntas ag duine de do theaghlach cheana féin inár gComhar Creidmheasa, fágann sé sin go bhfuil tú i dteideal bheith i do Bhall