Ballraíocht

Bíonn na baill i gcroílár chuile rud a dhéanaimid.

Is eagraíocht pobail muid a oibríonn ar bhonn neamhbhrabúis, agus tugtar aon fharasbarr a thuilltear ar ais dár mbaill. Is leis na baill an Comhar Creidmheasa agus táimid anseo le freastal ar ár gcuid ball. Bíonn na baill i gcroílár chuile rud a dhéanaimid.

Comhcheangal

Le bheith i dteideal clárú mar bhall, caithfidh tú a bheith i do chónaí nó ag obair laistigh dár gceantar comhcheangail; Na Forbacha, An Spidéal, Indreabhán, Ros a Mhíl, Camus, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán. Cliceáil anseo chun léarscáil den cheantar a fheiceáil.

Cén chaoi a gcláróidh mé?

Ar dtús, líon isteach Foirm Bhallraíochta Ar Líne, nó má thagann tú isteach i gceann dá gcuid oifigí, líonfaidh muid isteach an fhoirm ansin. Gearrtar táille ballraíochta, €1.00 agus beidh ort ar a laghad €5 a chur isteach le cuntas a oscailt.
 Tá uaireanta oscailte na hoifige ar fáil anseo.

Bíonn ar gach ball nua na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil:

Daoine Fásta:

  • Cruthúnas aitheantais: Pas/Ceadúnas tiomána bailí (Éireannach nó Ríocht Aontaithe) nó Foirm ML10
  • Deimhniú ar do sheoladh: m.sh. ráiteas bainc, bille teaghlaigh, cáipéis oifigiúil ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Leasa Shóisialaigh(Laistigh de 6 mhí)
  • Deimhniú ar Uimhir PSP: m.sh. duillín pá, cárta leighis, comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim nó ón Roinn Leasa Shóisialaigh

Cuntas Mionúr (faoi bhun 16 bl. d’aois)

  • Teastas breithe nó pas
  • Uimhir PSP ar cháipéis oifigiúil
  • Cruthúnas aitheantais tuismitheora, m.sh. pas reatha nó ceadúnas tiomána
  • Deimhniú ar sheoladh tuismitheora, m.sh. bille teaghlaigh, ráiteas bainc nó cáipéis oifigiúil

NÓTA: Is bunchóip atá i gceist i gcáipéis deimhnithe do sheoladh agus ní mór dáta le 3 mhí anuas a bheith air

Buntáistí Ballraíocht I gComhar Creidmheasa Cholmcille

Iasachtaí atá Solúbtha agus Áisiúil

Féadfaidh baill iarratas a dhéanamh ar iasacht chomh luath is a chláraíonn siad mar bhall. Tá ár n-iasachtaí solúbtha agus cuirtear in oiriúint iasacht de réir do chuid riachtanas. Ceadaíonn muid 98% * de na hiarratais ar iasacht.

Árachas Cosanta Iasachta Saor in Aisce

Bíonn iasachtaí na mball clúdaithe faoi árachas i gcás báis agus níl aon chostas ar na baill sa chás seo (faoi réir téarmaí agus coinníollacha).

Árachas Coigiltis Saoil

Bíonn an t-airgead atá i dtaisce ag na baill faoi chumhdach árachais gan aon táille díreach le níoc acu ar seo. Is íocaíocht bhreise é an t-árachas bunaithe ar luach do choigiltis ag tráth do bháis (faoi réir téarmaí agus coinníollacha).

Díbhinn ar Choigilteas

Oibrímid ar bhonn neamhbhrabúis agus tugtar aon fharasbarr a thuilltear ar ais dár mbaill trí dhíbhinn a íoc ar do choigilteas.

Seirbhís den Scoth, Saor ó Tháillí

Cinntímid seirbhís ghairmiúil, chairdiúil i gcónaí. Agus ní íocann tú aon táillí ná muirear ar idirbhearta nuair a bhíonn tú ag coigilt airgid, nó ag fáil airgid ar iasacht uainn.

Íoc le Dochar Díreach nó le Buanordú

Socraigh íocaíochtaí le Dochar Díreach nó Buanordú ó do bhanc agus bí cinnte go ndéantar íocaíochtaí rialta isteach i do chuntais sa Chomhar Creidmheasa.

Seirbhísí do na Baill

Cuirimid réimse seirbhísí breise ar fáil chun freastal ar do chuid riachtanas. Is leis na baill an Comhar Creidmheasa, chun freastal ar ár gcuid ball. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoinár Seirbhísí anseo.

Is cuma beag nó mór sábháil linn innu