Polasaí Príobháideachais

Polasaí Príobháideachais

Is í an chúis atá leis an bhfógra seo ná chun roinnt eolais go bhfuil gá leis a sholáthar duit chun go dtuigfeá conas a phléimid le heolas pearsanta atá againn ortsa. Tá sé scríte chun cloí le hAlt 12(1) do Rialacháin Ghinearálta Cosaint Sonraí (GDPR) a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018. Is é is cúis le GDPR ná chun tú a chosaint i gcoinne aon mhí-úsáid maidir le do shonraí pearsanta agus déantar deimhin de go gcloíonn gach aonaid a bhailítear, a úsáidtear, agus a nochtar maidir le do shonraí pearsanta, leis na rialacha i gcomhréir le bonn cirt amháin dlithiúil nó níos mó.

Bailímid agus úsáidimid réimse leathan eolais maidir le haicmí éagsúla daoine, san áireamh baill nach bhfuair iasacht riamh, iarrthóirí iasachta, céilí / páirtnéirí iarrathóirí iasachta, ráthóirí iasachta, foireann, daoine deonacha, ainmnithe agus soláthróirí seirbhísí.

I gcás ballraíochta, is é an bun-eolas atá uainn ná d’ainm agus sonraí teagmhála. Méadaíonn dlithe frith-sciúradh airgid é seo sa tslí is go gcaithimid breis shonraí a bhailiú agus a choimeád suas chun dáta ar nós dáta breithe, inscne, agus aitheantas le grianghraf. Caithfear é seo a chruthú ó dhoiciméid ar nós pasanna nó billí tí. De réir rialacha na gCoimisinéirí Ioncaim caithimid do shonraí a bhailiú maidir le cónaitheacht cháine agus PPSN.

Chun cloí le dlithe frith-sciúradh airgid, caithimid leibhéal ard eolais a bhailiú maidir le do ghairm bheatha, áit oibre, cúinsí teaghlaigh agus socraithe áit chónaithe. Déanaimid é seo chun deis a thabhairt dúinn measúnú eolaigh a dhéanamh, má théann aon idirbheart neamhghnáthach tríd do chuntas, ar cheart dúinn tuairisc maidir le hidirbheart amhrasach a chur ar aghaidh go dtí na Gardaí agus na Coimisinéirí Ioncaim.

Tógaimid leis agus coimeádaimid do ghrianghraf mar bheartas frith-caimiléireachta. Gach uair a osclaítear do chuntas ar ár gcóras ríomhaireachta, tagann do ghrianghraf ar an scáileán, chun gur féidir leis an airgeadóir a chinntiú gur tusa atá ann agus nach bhfuil duine eile ag ligint orthu gurb iad féin tusa.

Má chuireann tú isteach ar iasacht, beidh orainn do chumas aisíocaíochta a mheas, agus de ghnáth beidh orainn seiceáil chreidmheasa a dhéanamh. Úsáidimid dhá chlár creidmheasa. Tá Biúro Creidmheasa na hÉireann (ICB) seanbhunaithe agus á úsáid againn ó 2011. Bhunaigh an Banc Ceannais an Clár Lárnach Creidmheasa (CCR) i 2017. Cuirimid seiceálacha creidmheasa ar bun ar an dá chlár. Toisc é a bheith níos sine, tá stair chreidmheasa ag dul siar 5 bliana ag an ICB, ach níl stair ach ag dul siar go Meitheamh 2017 ag an CCR. Ní hamháin go ligeann an Clár Creidmheasa dúinn do fhiachas agus riaráistí reatha a chinntiú ach caithfimid na sonraí sin maidir le d’iasachtaí linne i rith saol na n-iasachtaí sin a sheoladh go dtí na cláir sin.

Agus iarratas ar iasacht á chur i gcrích agat, iarraimid ort ceistneoir simplí leighis a líonadh isteach chun a chinntiú go bhfuil Clúdach Cosaint Iasachta ar fáil chun an iasacht sin a ghlanadh i gcás do bháis.

Baillímid chomh maith an t-eolas ar fad go bhfuil gá leis chun tacú le haon iarratas ar iasacht ar nós sonraí bainc, ráitis bhainc, cleithiúnaigh, an leat féin do thigh nó an bhfuil sé ar cíos agat etc.?

Baillímid ainmneacha na rannpháirtithe i dTráth na gCeist Boird na leanaí agus Comórtais Ealaíne. Tógaimid an tinreamh leis ag na Cruinnithe Cinn Bhliana.

Tá CCTV i bhfeidhm laistigh agus lasmuigh den gComhar Creidmheasa.

Maidir leis an bhfoireann, tá an t-eolas ar fad againn a chuir tú ar fáil nuair a chuir tú isteach ar an bhfostaíocht. Tá do shonraí teagmhála, taifid fhreastail, teastaisí leighis, athbhreithnithe feidhmíochta chomh maith le taifid ghearáin agus smachtaithe againn.

Maidir le baill agus an fhoireann tá na sonraí bainc a chuir tú ar fáil dúinn againn chun go bhféadfaimís airgead a chur isteach i do chuntas bainc.

D’oifigigh atá faoi réir ag réimeas Feidhmiúlachta agus Cuibhnis an Bhainc Cheannais, déanaimid athbhreithniú air agus coimeádaimid na sonraí a chuireann na daoine sin ar fáil dúinn. Cuirimid seiceálacha ar bun do bhreithiúnais chúirte, dícháilithe agus smachtbhannaí riaracháin an Bhainc Cheannais, rialtóirí eile agus comhlachtaí proifisiúnta.

Má théann tú i dteagmháil linn tríd an ríomhphost, beidh an seoladh ón ríomhphost ag teacht isteach le feiscint againn, chomh maith le hábhair an ríomhphoist.

Nochtaimid aon eolas fút go páirtithe éagsúla, go príomha nuair a éilíonn an dlí é. San áireamh anseo tá an Banc Ceannais, na Coimisinéirí Ioncaim, na Gardaí (i ndáil le hamhras faoi sciúradh airgid), an ICB agus ECCU, an t-árachóir a chuireann an Chosaint Iasachta ar fáil, Clúdach Árachais Taiscí Saoil agus sochair bháis. Caithfidh ár gcuid iniúchóirí inmheánacha reachtúla eolas pearsanta a fheiscint maidir le baill, foireann agus daoine eile chun a n-iniúchadh a chur i gcrích.

Úsáidimid meascán de sholáthróirí seirbhísí go bhfuil teacht acu ar shaghasanna difriúla eolais fút. San áireamh anseo tá ár gcuid soláthróirí córais ríomhairí, soláthróirí néalstórala, dlíodóirí, soláthróirí seirbhíse bailliú fiachais, iniúchóirí inmheánacha, bainistiú riosca agus comhairleoirí comlíonta, comhlachtaí cothabhála CCTV agus solathróirí eile seirbhíse seachfhoinsithe. I ngach cás déanaimid deimhin de go mbíonn dea-chlú ar ár gcuid soláthróirí seirbhíse ar fad agus ndéanann siad gach iarracht do chuid sonraí a choimeád slán agus sábháilte. Tá cosc orthu leis aon eolas fút a chur ar aghaidh go daoine eile.

Úsáid ár gClár Creidmheasa

Is í an phríomhchúis go n-úsáidimid cláir chreidmheasa ná chun a chinntiú nach bhfuil droch-thaifead iasachtaithe ag an iarratasóir iasachta. Dá bhrí sin, seiceálaimid na cláir roimh cheadú iasachtaí. Seolaimid leis sonraí lenár gcuid iarratasóirí iasachtaí agus stair aisíocaíochta chun gur féidir le hiasachtóirí eile a fheiscint má tá droch-thaifead ag an iarratasóir iasachta linne.

Úsáidimid 2 chlár creidmheasa, Biúró Creidmheasa na hÉireann agus an Clár Lárnach Creidmheasa.

Is eagraíocht phríobháideach é Biúró Creidmheasa na hÉireann (ICB) atá ar bun ó 1963. San áireamh sa bhallraíocht tá ós cionn 300 banc, comhair chreidmheasa, údaráis áitiúla agus iasachtóirí eile. Mar bhall tá cead ag iasachtóirí seiceálacha creidmheasa a dhéanamh ar iarrthóirí iasachta roimh cheadú iasachtaí. Cuireann sé iachall leis ar gach ceann acu sonraí stair iasachtaithe an iasachtaí a chur ar aghaidh go dtí an biúró chun gur féidir le baill eile seiceálacha creidmheasa a chur ar bun roimh cheadú iasachtaí. Tá a gcuid sonraí teagmhála ag bun an fhógra seo.

Tá an Banc Ceannais ag bunú Clár Lárnach Creidmheasa (CCR) ar bhonn céimnithe ach ba cheart go mbeadh sé ag feidhmiú ina iomlán i Mí Márta 2019. Tá ballraíocht riachtanach. De réir dlí ón 30 Meán Fómhair 2018 CAITHFIDH gach iasachtóir seiceálacha creidmheasa a dhéanamh ar gach iarratas ar iasacht de €2,000 nó ós a chionn (ba chuma cén luach scaireanna atá ann).

Faoi mar a dúradh ag an dtús, is í an chúis atá leis an bhfógra seo ná chun tú a chur ar an eolas maidir le cúrsaí a bhaineann le GDPR. Ceanglaítear leis go nochtfaí an bonn dlíthiúil don nduine atá i gceist.

Dá bhrí sin is é an nochtadh go dteastaíonn uainn a dhéanamh ná é seo a leanas:

  1. Is coinníoll den iarratas ar iasacht go mbeimid ag déanamh seiceál creidmheasa ICB agus ag tabhairt do chuid sonraí stair aisíochta ar aghaidh go dtí an ICB. Is é an bonn dlíthiúil leis seo faoi GDPR ná go bhfuil sé ar mhaithe le Leasanna Dlisteanacha an chomhair chreidmheasa é seo a dhéanamh (i.e chun athbhreithniú iomlán agus cruinn ar iarrataisí iasachtaí a éascú agus chun an iomarca fiachais a sheachaint) agus ní chuireann sé isteach ar do bhun-chearta maidir le príobháideachas. Glactar le seiceálacha creidmheasa ar iarrataisí ar iasachtaí mar chleachtas go forleathan d’iasachtóirí ar fad agus níl aon bhonn ann go bhfiostar go ndéanfaí argóint go gcuireann sé isteach ar leasanna dlisteanacha príobháideachais d’iarratais iasachta.
  2. Úsáideann an ICB leis Leasanna Dlisteanacha mar bhonn GDPR chun próiseáil a dhéanamh ar an eolas a sheolaimid chucu.
  3. Leas Dlisteanach eile a cheadaítear faoi GDPR ná nuair atá gá leis an dtasc atá ar bun ó thaobh comhlíonta le Dualgas Dlíthiúil. Is é seo an bonn dlíthiúil atá á úsáid againn do:
    • seiceálacha creidmheasa CCR a dhéanamh ar gach iarratas ar iasacht ós cionn €2,000
    • ag tabhairt ar aghaidh stádas agus stair chreidmheasa do gach iasacht os cionn €500 go dtí an CCR
  4. Cé nach bhfuil dualgas de réir dlí orainn seiceálacha CCR ar iarrataisí ar iasachtaí faoi bhun €2,000 áfach, tá sé i ceist againn é so a dhéanamh, mar pholasaí. Táimid ag úsáid an bonn Leasanna Dlisteanacha mar atá leagtha síos i 2 thuas ar mhaithe leis seo.

De bharr na n-íogaireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le seiceálacha creidmheasa, caithfidh gach iarrthóir iasachta ráiteas a shíniú ag admháil a gcuid tuisceana go mbeidmid ag déanamh seiceálacha creidmheasa orthu.

Ní aistrímid nó ní cheadaítear aistriú eolais fút lasmuigh de Limistéir Eacnamaíochta na hEorpa, rud a chaillíonn go mbaineann an chosaint chéanna leis an eolas ar fad faoi dhlíthe an EU.

Tá nochtadh eolais phearsanta go hiniúchóirí reachtúla eagraíochtaí Stáit (e.g An Banc Ceannais, Coimisinéirí Ioncaim, Gardaí) ceadaithe faoi GDPR Mír 6 toisc go bhfuil gá leis de réir dlí.

Maidir le nach mór gach rud eile a dhéanaimid le heolas pearsanta is é an bonn dlíthiúil faoi GDPR atá taobh thiar de seo agus tá gá leis chun críocha Leasanna Dlisteanacha an chomhair chreidmheasa agus ní chuireann sé isteach ar do bhun-chearta maidir le príobháideachas nó aon chearta eile atá ar fáil faoin ndlí nó aon saoirse eile ag éirí as na cearta sin.

Ach má cheapann tú nach bhfuil gá le haon bhailiú nó coimeád eolas pearsanta fút, go bhfuil sé díréireach nó míchuí in aon tslí, bheimís buíoch dá gcuirfeá sinn ar an eolas faoi agus beimid sásta plé le do cheisteanna. Ach is é an seasamh a bheidh againne sa chás sin maidir le réiteach na gceisteanna sin ná nach raghaidh sé i gcoinne Leasanna Dlisteanacha an chomhair chreidmheasa is nach gcuirfidh sé isteach ar bhun-chearta an duine.

Muna féidir linn tú a shásamh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí deireadh a chur le do bhallraíocht, iarratas ar iasacht nó aon chaidreamh eile atá agat linn. Muna sásaíonn sé seo tú, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosaint Sonraí a thabharfaidh dearcadh neamhspleách, údarásach agus ceangailteach (duitse agus dúinne, de réir dlí) maidir le pé ábhar a dheighileann sinn.

Ní lorgóimid eolas go deo ort muna mbíonn gá ar leith, soiléir agus dlisteanach againn chun é a dhéanamh. Dá bhrí sin má dhiúltaíonn tú an t-eolas seo a sholáthar dúinn tá seans ann nach mbeimid ábalta pé próiseas atá á lorg agat orainn le cur i gcrích, e.g iarratas ar bhallraíocht nó iasacht, a chur chun críche.

I roinnt cásanna d’fhéadfaimís do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil bunaithe ar do Cheadú seachas bunaithe ar ár gcuid Leasanna Dlisteanacha. Sna cásanna sin gheobhaimid do chead i scríbhinn agus beidh cead agat é a tharrac siar aon am.

Táimid an-chúramach go gcloímís lenár gcuid dualgais maidir le cosaint sonraí. Go háirithe:

  • Nuair a bhailímid, úsáidimid nó nochtaimid aon eolas pearsanta, go ndéanaimid é go dlíthiúil. Ciallaíonn sé seo go ndéanaimid deimhin de go bhfuil a fhios agat cad ina thaobh go bhfuilimid ag bailiú do chuid eolais agus cad tá á dhéanamh againn leis.
  • Bailímid agus úsáidimid é chun críoch(a) ar leith, soiléir agus dlisteanach.
  • Ní úsáidimid nó ní nochtaimid é in aon tslí nach dtagann leis na críocha seo.
  • Cosnaímid é i gcoinne rochtain neamh-údaraithe, leasú, nochtadh nó scrios, nó úsáid mhí-dhlíthiúil.
  • Déanaimid deimhin de go bhfuil an t-eolas ar fad a choimeádaimid cruinn, ina iomlán, agus más gá, suas chun dáta.
  • Ní choimeádaimid eolas pearsanta níos faide ná mar atá gá leis. Coimeádtar formhór an eolais ar feadh 6 mbliana, tréimhse atá mar íos-mhéid choitianta ó thaobh na tréimhse atá ceadaithe de réir dlí chun taifid a choimeád. Ach má cheadaítear scrios de réir dlí ar eolas pearsanta laistigh de thréimhse níos giorra ná seo, déanaimid iarracht é seo a dhéanamh. Déanaimid iarracht gach eolas pearsanta a scrios nuair nach bhfuil gá é a choimeád níos faide.

Má chuireann tú ceist, cuirfimid cóip ar fáil duit leis an eolas ar fad atá á choimeád againn fút, laistigh de 30 lá de d’iarratas gan aon táille. Ina theannta sin, má chuireann tú ceist orainn aon eolas atá á choimeád againn ort a cheartú nó a scrios, déanfaimid é seo faoi réir ag na soláthairtí dlíthiúla ag baint leis an iarratas.

Tá Polasaí Cosaint Sonraí sonraithe againn a phléann lenár gcur chuige iomlán maidir leis an ábhar seo. Tugtar traenáil rialta ar chosaint sonraí d’ár bhfoireann ar fad, foireann ar phá agus daoine deonacha. Síníonn siad gealltanas rúndacht go bliantúil leis.

Féachaimid ar ár gcuid dualgais maidir le cosaint sonraí go tromchúiseach agus déantar fiosrú iomlán ar aon fhíor-shárú nó ceann amhrasta leis an ngníomh cuí nuair is gá.

Má tá gearán agat maidir leis an tslí atá d’eolas pearsanta úsáidte againn scrígh “Aire: An Bainisteoir” ar do litir. De réir nós imeachta gearáin déanfar admháil ar do litir laistigh de 5 lá oibre, tabharfaimid ainm an duine duit atá ag plé le do ghearán agus déanfaimid iarracht freagra iomlán a chur ar fáil duit laisitigh de 40 lá oibre. Má tá tú míshásta leis an tslí gur pléadh le do ghearán, beidh tú ábalta an gearán a chur ar aghaidh go dtí an gCoimisinéir Cosaint Sonraí.

Má tá aon cheisteanna eile agat ina thaobh, le do thoil

  • Cuir ceist ar aon oifigeach a bheidh sásta cabhrú leat
  • Sríobh chugainn
  • Glaoigh orainn ag 066 915 1919
  • Seol ríomhphost chugainn ag olas@cccdteo.ie

Téir i dteagmháil leis an ICB, CCR nó an Coimisinéir Cosaint Sonraí ag úsáid na sonraí thíos:

Biúró Creidmheasa na hÉireann

Clár Lárnach Creidmheasa

Coimisinéir Cosaint Sonraí

www.icb.ie

https://centralbank.ie/consumer-hub/explainers/ 
what-is-central-credit-register

www.dataprotection.ie

ICB House 
Newstead 
Clonskeagh Road 
Dublin 14 
D14 PX09

01 2600388

Central Bank of Ireland 
New Wapping Street 
North Wall Quay 
Dublin 1 
D01 F7X3

01 224 6000

Canal House 
Station Road 
Portarlington 
Co. Laois 
R32 AP23

0761 104800

Faisnéisiú GDPR

Taighde Margaidh: Le déanaí cheapamar iReach chun anailís thaighde margaidh a dhéanamh ar ár mbonn ballraíochta. Tá ainmneacha na mball tugtha againn do iReach, agus uimhreacha fóin shoghluaiste agus seolta ríomhphoist chun críocha an taighde seo. Is faoi Leasanna Dlisteanacha atá an Bunús Dlíthiúil GDPR seo déanta toisc go gcreidimíd go bhfuil an taighde seo ann ar mhaithe le baill an chomhair chreidmheasa. Níl ceangal ar éinne páirt a ghlacadh ann agus más rud é go mb’fhearr leat gan é a dhéanamh, níl aon fhadhb leis sin. Is comhlacht creidiúnach iad iReach agus tá siad tiomanta do nach nochtfaidh nó nach roinnfidh siad do chuid sonraí pearsanta le haon pháirtí eile, nó nach n-úsáidfidh siad é d’aon chúis eile agus go scriosfidh siad é ag deireadh an bhirt seo. Muna ball tú cheana leis an gComhar Creidmheasa, is faoi Toiliú a bhaileofar do chuid tuairimí agus atá an Bunús Dlithiúil GDPR seo déanta, agus tá sé de cheart agat gan páirt a ghlacadh más mian leat.