Cuntas Díomhaoin

Is ionann cuntas díomhaoin agus cuntas ar bith nach ndearna ball aon idirbheart bainteach leis an gcuntas ar leith le 3 bliana anuas.

Má cheapann tú go bhfuil cuntas agat agus nár úsáid tú é le fada, ní gá duit clárú in athuair. Tá tú fós i do bhall. Nuair a bhíonn cuntas díomhaoin i gceist, ní dhúntar an cuntas - fanfaidh do chuid scaireanna sa chomhar creidmheasa agus leanfaidh siad ag saothrú díbhinne ar bhonn bliantúil. Ón 1 Eanáir 2018, is €5 an íos-scairsheilbh i gComhar Creidmheasa Cholmcille Teo.

Céard iad na roghanna atá agam?

  1. Déan do chuntas a athghníomhachtú: Chun é seo a dhéanamh beidh ort idirbheart a dhéanamh ar do chuntas (airgead a chur isteach ann nó a tharraingt amach). Ní mór duit íos-scairsheilbh de €5 a bheith i do chuntas le ballraíocht i gComhar Creidmheasa Cholmcille Teo. a choinneáil. Beidh Cruthúnas Aitheantais bailí le grianghraf (pas nó ceadúnas tiomána) ag teastáil uait, cruthúnas ar do sheoladh (Bille Teaghlaigh nó ráiteas bainc le dáta le 3 mhí anuas air) agus d’uimhir PPS ar cháipéis oifigiúil (m.sh. duillín pá, p60).
  2. Dún do chuntas: Beidh Cruthúnas Aitheantais bailí le grianghraf (pas nó ceadúnas tiomána) ag teastáil uait, cruthúnas ar do sheoladh (Bille Teaghlaigh nó ráiteas bainc le dáta le 3 mhí anuas air) agus d’uimhir PPS ar cháipéis oifigiúil (m.sh. duillín pá, p60) chun do chuid scaireanna a thógál amach agus do chuntas a dhúnadh.
  3. Aistrigh do chuntas chuig comhar creidmheasa eile: Má bhog tú ón gceantar agus más mian leat aistriú chuig Comhar Creidmheasa níos gaire de d’áit chónaithe, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gComhar Creidmheasa is gaire duit chun an t-aistriú a dhéanamh.

Fós ceisteanna? Bheimis sásta ceisteanna ar bith atá agat a fhreagairt.