Iasachtaí

Faigh Iasacht Uainn

Faigh iasacht ónár gComhar Creidmheasa do, do chuid riachtanas go léir ag cuid de na rátaí is iomaíche timpeall

Déan Iarratas ar Iasacht Ar Líne

Déan Iarratas ar Iasacht Ar Líne

Trí Bhaincéireacht Ar Líne

Íoslódáil Foirm Inphriontáilte

Foirm Iarratais ar Iasacht (PDF)
Íoslódáil Foirm Inphriontáilte
Iasachtaí Cairr

Iasachtaí Cairr

An bhfuil tú ag smaoineamh ar do charr a athrú? Ag cuimhneamh ar an gcarr sin a bhí uait i gcónaí? Is cuma ar carr nua nó carr athláimhe atá uait, beidh ár rátaí an-iomaíoch.

Iasachtaí Oideachais

Iasachtaí Oideachais

Tá an Ráta Iasachta 6.5% (6.7% APR) ar fáil dóibh siúd a théann ar ais ar scoil/choláiste chun an cháilíocht a theastaigh uathu i gcónaí a bhaint amach, nó dóibh siúd a thosaíonn ar an gcoláiste den chéad uair tar éis na hArdteistiméireachta.

Iasachtaí Athchóiriú Tí

Iasachtaí Athchóiriú Tí

An bhfuil tú ag cuimhneamh ar do theach a athchóiriú nó a mhéadú agus tá cúnamh ag teastáil uait leis an gcostas? Céard faoi phaitió nua nó do ghairdín a réiteach? Is féidir lenár nIasacht d’Athchóiriú Tí cabhrú leat, is cuma cén rud atá ar intinn agat.

Iasacht Críochnú Tithíochta

Iasacht Críochnú Tithíochta

Is féidir le Comhar Creidmheasa Cholmcille cabhrú leat má tá tú ag tógáil do theach nua agus ag iarraidh é a chríochnú amach. Seans go mbeidh an t-iasacht nua seo feiliúnach duit chun do theach a chríochnú amach, ag ráta an-iomaíoch de 7.5%.

Iasacht Clúdaithe

Iasacht Clúdaithe

Is bealach éifeachtúil, iasacht clúdaithe, le hairgead a fháil agus gan baint den airgead atá i dtaisce agat.Tá cead agat suas leis an tsuim airgid atá i dtaisce agat a fháil ar iasacht ag ráta lascainithe úis de 5% (5.2% APR) agus díbhinn a thuilleamh ar an airgead atá i dtaisce agat freisin.

Iasacht Pearsanta

Iasacht Pearsanta

Má tá tú ag iarraidh iasacht a fháil chun cabhrú le do chostais teaghlaigh nó chun cabhrú leat rud éigin mór a cheannach, tá iasacht againn a oireann duit. Faigh iasacht ag ráta iomaíoch de 9.9% (APR 10.39%) le roghanna aisíocaíochta solúbtha agus níl aon phionóis má aisíocann tú an t-iasacht ar ais go luath.

Bain triail as ár n-áireamhán iasachta tapa agus éasca thíos

Aisíocaíocht
10.39% APR

Míonna

Seachtainiúil

Ús

Iomlán

Gach coicís

Ús

Iomlán

Míosúil

Ús

Iomlán

Is chun críocha léiriúcháin amháin atá an t-áireamhán seo, chun léargas a thabhairt duitse, don iasachtaí, ar an gcostas a d’fhéadfadh a bheith ar iasacht. Ní féidir an Comhar Creidmheasa, nó aon duine dá fhoireann, a bheith freagrach as aon earráidí. Tabhair eolas deara le do thoil nach soláthraíonn an t-áireamhán seo ach luachan táscach agus d’fhéadfadh go mbeadh éagsúlacht sna haisíocaíochtaí iarbhír.

Sampla Ionadaíoch

Iasacht € 5,000 ar iasacht thar 36 mhí, aisíoc € 159 in aghaidh na míosa, is é an méid iomlán is iníoctha (lena n-áirítear ús de € 724) ná € 5,724. Is é an ráta úis bliantúil (athróg) ná 10.39%.

Iasacht a fháil ó Comhar Creidmehasa Cholmcille

  • Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar iasacht uainne má tá ballraíocht agat le Comhar Creidmheasa Cholm Cille
  • Ní bhíonn ár n-iasachtaí bunaithe ar íosmhéideanna ná luach scaireanna, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iasacht is cuma cén iarmhéid scaireanna atá agat.
  • Is féidir leis na baill ar fad Iasachtaí Breisithe (Top Up) agus dara hiasacht a fháil.
  • Déantar gach iarratas iasachta a mheas as féin, bunaithe ar acmhainn an bhaill an iasacht a aisíoc.

Buntáistí a bhaineann le hIasacht ó Comhar Creidmehasa Cholmcille

  • Próiseas cuíchóirithe chun iarratas a dhéanamh ar líne
  • Rátaí Úis atá fíor-iomaíoch
  • Téarmaí aisíochta iasachta ar fáil atá solúbtha agus feiliúnach do do chuid riachtanas
  • Ní bhíonn aon táillí ná muirir nó pionóis bhreise i gceist má haisíoctar an iasacht luath
  • Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce

Iarratais ar Iasachtaí

  • Láimhseálann Comhar Creidmheasa Cholmcille gach iarratas ar iasacht faoi rún agus déantar iad a mheas ar bhealach cóir agus trédhearcach leis an toradh is fearr a fháil dár mbaill.
  • Tá cistí airgid againn agus táimid réidh le airgead a thabhairt ar iasacht dár mbaill chun cabhrú leo lena dteastaíonn uathu a fháil. Is cuma an bhfuil tú ag iarraidh airgid i gcomhair carr nua, nó costas bainise nó le hathchóiriú mór a dhéanamh ar do theach, tá an fhoireann anseo i Comhar Creidmheasa Cholmcille réidh le cabhrú leat ceann scríbe a bhaint amach.

Cáipéisí a theastaíonn le cur le d’iarratas ar Iasacht Comhar Creidmheasa

  • Aitheantas le grianghraf (Pas/Ceadúnas Tiomána)
  • Ráitis Bhainc le 3 mhí anuas
  • Duillín Pá a fuair tú le déanaí

Tabhair d’Aire: Teastaíonn na cáipéisí thuas i gcás duine agus/nó ráthóir a bhfuil baint acu leis an t-iarratas.

*D’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an Comhar Creidmheasa tuilleadh cáipéisí le tacú le d’iarratas ar iasacht.

**Beidh ar CC Cholmcille seiceáil chreidmheasa a dhéanamh mar chuid d’aon iarratas ar iasacht.