Ceisteanna Coitianta faoi iasachtaí

Cé atá i dteideal iasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille?

Caithfidh tú a bheith i do bhall de Chomhar Creidmheasa Cholmcille chun iasacht a fháil. Más mian leat a bheith i do bhall den Chomhar Creidmheasa cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Cén fhad a chaithfidh mé a bheith i mo bhall sula mbeidh mé in ann iasacht a fháil?

Ar an bpointe agus a bhíonn tú i do bhall, beidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar iasacht. Níl aon tréimhse feithimh ná aon riachtanas coigiltis ag teastáil sula mbíonn tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar iasacht le Comhar Creidmheasa Cholmcille. Féadfaidh baill nua iarratas a dhéanamh ar iasacht ar an lá céanna a gcláraíonn siad mar bhall den Chomhar Creidmheasa.

Cé mhéad is féidir liom a fháil ar iasacht?

Tá baill de Comhar Creidmheasa Cholmcille in ann suas le € 75,000 a fháil ar iasacht, agus níl aon íosmhéid iasachtaí* i gceist. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh íosmhéid leagtha síos sna téarmaí agus coinníollacha i gcás tairiscintí teoranta speisialta iasachta. Breathnaigh ar iasachtaí chun na téarmaí agus coinníollacha iomlána a fheiceáil.

Cén chaoi a ndéantar iarratas ar iasachtaí a mheas?

Déileáiltear faoi rún go hiomlán le gach iarratas agus déanfar é a mheas ar bhonn a fhiúntais féin. Beidh ceadú iasachta bunaithe ar do chumas aisíocaíochta agus ní ar an méid atá agat i do chuntas coigiltis.

Cén fhad a thógann sé ceadú iasachta a fháil?

Nuair a chuirtear d’iarratas ar iasacht agus cáipéisíocht tacaíochta isteach agus an tseiceáil chreidmheasa curtha i gcrích, agus ráthóir ainmnthe agat, más gá, féadfaidh tú a bheith ag súil le scéala ónár bhfoireann iasachtaí laistigh de 24 - 48 uair an chloig.

An bhféadfaidh mé iarratas a dhéanamh ar iasacht eile sula mbeidh m’iasacht reatha aisíoctha agam?

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar iasacht bhreisithe aon am, ní gá go mbeadh iasacht reatha íoctha ar ais agat sula ndéanann tú iarratas ar iasacht eile. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh ort d’iasacht reatha a aisíoc sula bhfaigheadh tú iasacht speisialta ar rátaí agus téarmaí iasachta fabhracha.

Cén chaoi a n-aisíocfaidh mé an iasacht?

Chomh luath agus a shocraíonn tú sceideal na haisíocaíochta, go seachtainiúil, gach dara seachtain nó go míosúil, féadfaidh tú rogha a dhéanamh d’iasacht a aisíoc trí bhuanordú, asbhaint pá, ríomhaistriú airgid, nó teacht chuig aon cheann dár n-oifigí.

An féidir liom rochtain a fháil ar mo chuntas comhar creidmheasa ar líne?

Is féidir leat rochtain a fháil ar do chunta(i)s nuair a chláraíonn tú le haghaidh baincéireachta ar líne trí logáil isteach i láthair na mball. Is féidir le baill breathnú ar a gcuntais freisin, lenár n-aip baincéireachta.

Tugann baincéireacht ar líne agus an aip soghluaiste deis do bhaill iarmhéideanna a gcuntais a sheiceáil, iarratas a dhéanamh ar iasacht, airgead a aistriú isteach agus amach as a gcuntais agus ríomh-ráiteas a iarraidh.


Is féidir le baill na roghanna is fearr leo féin a roghnú freisin. Más mian leat do leabhrán CGB a fháil i do ríomphost, roghnaigh R-CGB i do roghanna i láthair na mball.

Fós ceisteanna? Bheimis sásta ceisteanna ar bith atá agat a fhreagairt.