Iasacht Cairr 6.5%

An bhfuil tú ag smaoineamh ar do charr a athrú? Ag cuimhneamh ar an gcarr sin a bhí uait i gcónaí? Is cuma ar carr nua nó carr athláimhe atá uait, beidh ár rátaí an-iomaíoch.  Tá ár ráta iasachta do charranna ar cheann de na rátaí is ísle ar an margadh!

Ní iasachtaí cairr amháin a chuirimid ar fáil, cuirimid iasachtaí ar fáil do chineálacha eile mótair mar  shampla veaineanna agus gluaisrothair. Má tá iasacht uait déan teagmháil linn ag Comhar Creidmheasa Cholmcille, agus déanfaimid chuile iarracht cuidiú leat.

  • Caithfidh íosmhéid na hiasachta a bheith € 7,000 le leas a bhaint as an ráta de 6.5% (APR 6.7%) atá inár bhfeachtas spreagtha. Tá gach iasacht eile faoi bhun €7,000 ar fáil ag an ráta caighdeánach iasachta de 9% (APR 9.4%).

Buntáistí A Bhaineann Le hIasacht Cairr A Fháil ón gComhar Creidmheasa Seachas Roghanna Airgeadais Eile:

  • Aisíocaíochtaí solúbtha
  • Is leat féin an carr
  • Tréimhse na hiasachta – suas go dtí 7 mbliana
  • Ní bhíonn aon phionós i gceist má dhéanann tú aisíocaíocht luath
  • Rátaí iasachta ar fáil do charranna nua agus carranna dara láimhe
  • Ní bhíonn éarlais, cnapíocaiocht nó táillí riaracháin i gceist
  • Ní bhíonn aon téarmaí agus coinníollacha ag baint le húsáid an chairr
  • Ceadaítear 98% d’iarratais ar iasachtaí agus ceadaítear 90% de na hiasachtaí ar an lá céanna a ndéantar an t-iarratas, má bhíonn na cáipéisí riachtanacha uilig curtha ar fáil ag an iarratasóir.

Mura bhfuil tú i do bhall ball is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht inniu. * Ar mhaithe le slándáil agus suaimhneas intinne cuirimid Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce. * Tá gach iasacht bunaithe ar an gcumas aisíocaíocht a dhéanamh, ní ar do choigilteas.

* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.* Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.