Airgeadra Eachtrach

Ag dul ar saoire?

Bain úsáid as ár seirbhís nua airgeadra eachtrach, Cliceáil agus Bailigh, chun airgeadra a ordú ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille. Cliceáil ar an íomhá thíos.

Cuireann Comhar Creidmheasa Cholmcille seirbhís Bureau de Change agus seirbhísí Airgeadra Eachtrach eile ar fáil trí FEXCO (Foreign Exchange Company).

Certification
Má ordaíonn tú airgeadra eachtrach ar line, beidh sé SAOR ó CHOIMISIÚN agus gheobhaidh tú RÁTA MALAIRTE NÍOS FEARR.
  • Díolann muid nótaí eachtracha, agus ceannóidh muid ar ais, saor ó choimisiún, aon airgeadra nár úsáideadh
  • Tá os cionn 40 airgeadra againn le hordú
  • Tá na Rátaí níos fearr
  • Níl aon íoschaiteachas i gceist
  • Ní íocann tú aon rud go mbailíonn tú an t-airgeadra
  • 0% Coimisún ar Orduithe ar Líne amháin
  • Tá formhór na n-airgeadraí coitianta ar fáil ach iad a iarraidh, m.sh. steirling, Dollair SAM, agus bíonn airgeadraí eile ar fáil laistigh de 2-3 lá oibre.

Bureau de Change

  • Tá an tSeirbhís seo ar fáil do Bhaill an Chomhair Creidmheasa amháin.
  • Ceannaíonn agus díolann muid nótaí eachtracha.
  • Tá formhór na n-airgeadraí coitianta ar fáil ach iad a iarraidh, m.sh. steirling, Dollair SAM, ach moltar do bhaill airgeadraí a réamhordú ionas nach mbeidh díomá ar aon duine.
  • Déan teagmháil linn san oifig chun na rátaí laethúla a fháil.

Riachtanais Aitheantais (ID)

  • Iarrtar pas nó ceadúnas tiomána  nuair a bhíonn ball ag iarraidh idirbheart malairte eachtrach a dhéanamh a bhfuil a luach idir €2,500 agus €10,000.
  • Pas nó ceadúnas tiomána agus cruthúnas reatha ar sheoladh baile m.sh. bille fóntais a iarrtar ar bhaill maidir le hidirbheart malairte eachtraí a bhfuil a luach os cionn €10,000.

De ghnáth seachadtar orduithe a chuirtear roimh 12 meánlae an lá dar gcionn (Luan go Déardaoin).