Árachas

Cuireann Comhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta seirbhísí árachais ar fáil do gach ball incháilithe, freisin. Íocann an Comhar Creidmheasa cuid de na seirbhísí árachais seo go díreach agus íocann an ball roinnt eile díobh go díreach. Seo a leanas an clúdach árachais atá á chur ar fáil faoi láthair ag Comhar Creidmheasa Cholmcille Teoranta do na baill incháilithe:

Árachas Cosanta Iasachta

Is é an tÁrachas Cosanta Iasachta a chuirtear ar fáil saor in aisce ceann de na gnéithe is tarraingtí maidir le hiasacht a fháil ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille. Sa chás go bhfaigheadh ball bás, aisíoctar iarmhéid na hiasachta. Tá an clúdach árachais seo ar fáil dóibh siúd a bhfuil an tsláinte go maith acu nó atá ag déanamh na ngnáthdhualgas a bhaineann lena ngairm ag an am a gceadaítear an iasacht.

Céard é Árachas Cosanta Iasachta?

I gComhar Creidmheasa Cholmcille, tugtar Clúdach árachais d’iarmhéideanna iasachta na mball incháilithe go huathfheidhmeach, gan aon chostas díreach ar an mball. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar fiacha na hiasachta a ghlanadh sa chás go bhfaigheann ball bás. Beidh baill in ann iasacht a fháil ón gComhar Chreidmheasa agus iad lánchinnte nach mbeidh ar a gcleithiúnaithe an iasacht a aisíoc má fhaigheann siad féin bás nó mura mbeadh ar a gcumas slí bheatha a bheith acu de bharr míchumais iomlán, buan. Tá sé ar fáil dóibh siúd atá idir 18-80 bliain d’aois. Gearrann bainc agus institiúidí airgeadais eile préimh árachais eile ar an tseirbhís seo, de bhreis ar aisíocaíochtaí iasachta.

Árachas Cosanta Iasachta iníoctha faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha atá sa pholasaí.

  • Is ionann an sochar árachais iníoctha agus iarmhéid iasachta nach bhfuil íoctha fós ag an mball.
  • Tagann deireadh leis an gclúdach ar bhreithlá 80 bliain an bhaill.

Árachas Coigiltis Saoil

Is éard atá in Árachas Coigiltis Saoil ná clúdach árachais saoil a chuirtear ar fáil do bhaill Chomhar Creidmheasa Cholmcille mar shochar do bhall i.e. gan aon chostas díreach ortsa agus mar dhreasacht chun airgead a chur i dtaisce go rialta. Tá Árachas Coigiltis Saoil iníoctha ar bhás an bhaill incháilithe, faoi réir na téarmaí agus coinníollacha atá sa pholasaí.

Ní bhíonn clúdach árachais ar aon suimeanna airgid a chuirtear i dtaisce tar éis  70ú breithlá an bhaill. Mar sin féin, beidh an clúdach fós i bhfeidhm tar éis 70ú breithlá an bhaill  ar an tsuim airgid carntha roimh  70ú breithlá an bhaill, fad a fhágtar an coigilteas sa chomhar creidmheasa. Má dhéantar aistarraingtí, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh don mhéid árachais a bheadh iníoctha i gcás aon éilimh.

Weekly Savings Timetable

AoisClúdach
Faoi 55Sochar árachais de €1
56-59Sochar árachais de 75c
60-64Sochar árachais  de 50c
65-70Sochar árachais de 25c
70+Ní bhíonn aon chlúdach árachais do shuimeanna a chuirtear i dtaisce tar éis 70ú breithlá an bhaill

Sampla

Tá tú 52 bliain d’aois agus € 2,000 i do chuntas. Má fhaigheann tú bás ag an aois seo, cuirfear sochar árachais de € 2,000 le do choigilteas. Dá bharr sin, gheobhadh do thairbhí ainmnithe € 4,000. Is suim de  € 5,000  an t-uas-shochar árachais atá iníoctha faoi láthair faoi na téarmaí atá i bpolasaí Chomhar Creidmheasa Cholmcille.

Fanfaidh clúdach atá carntha i bhfeidhm, fad a fhágfaidh tú do choigilteas sa chomhar creidmheasa.

NB Beidh tionchar ag aistarraingtí ar do chlúdach árachais.Beidh baill i dteideal an Clúdach árachais a chuireann Comhar Creidmheasa Cholmcille ar fáil, má thosaíonn siad ag cur airgid i dtaisce agus iad:
”  faoi bhun 70 bl. d’aois
”  Gníomhach ag obair, nó mura bhfuiltear ag obair, go bhfuil an tsláinte go maith aige/aici.

Ceisteanna agat? Déan teagmháil linn, bheadh muid sástá aon cheist atá agat a fhreagairt.