Coigilteas

Nuair a chláraíonn tú mar bhall i gComhar Creidmheasa Cholmcille, osclaíonn tú cuntas coigiltis, ar a dtugtar cuntas scaireanna. Is ionann gach €1 a chuirtear i dtaisce agus scair amháin. Anois bíonn tú mar dhuine de pháirtúinéirí an Chomhair Creidmheasa.

Teorainn ar Choigilteas

Tá uasmhéid do €30,000 ar chuntas daoine fásta agus €15,000 ar chuntais gasúir faoi 16 ó thús mí Bealtaine 2021. Chomh maith leis sin tá uasmhéid míosúil ar an suim ar féidir le baill a loisteáil in a gcuntas. Sin €5,000 ar chuntais daoine fásta agus €500 ar chuntais gasúir.

Scéim Ráthaíochta an Rialtais

Clúdaíonn Scéim Ráthaíochta Taiscí an Rialtais gach coigilteas i do Chomhar Creidmheasa suas go dtí €100,000.

Oscail cuntas linn innu agus tosaigh ag sábhailt

Ní gá duit sábháil chun iasacht a fháil. Tá sé níos éasca anois ná riamh iarratas a dhéanamh ar iasacht. Níl ort ach logáil isteach i do Chuntas Baincéireachta Ar Líne agus tosú inniu.