Cuntas Ainmniúcháin

Nuair a osclaítear cuntas scaireanna sa chomhar creidmheasa, molaimid do bhaill foirm ainmniúcháin cuntas a líonadh. Is éard atá i gceist anseo ná gur féidir le ball aon duine is mian leo a ainmniú chun an t-airgead atá sábhailte sa chuntas a fháil sa chás go bhfaigheadh  an ball bás. Féadfaidh baill foirm ainmniúcháin a líonadh isteach in aon cheann d’oifigí an chomhar creidmheasa.

Seirbhís Thairbheach, Saor in Aisce do Bhaill an Chomhair Creidmheasa

Is treoir scríofa, atá ina cheangal de réir dlí atá i gceist le hAINMNIÚ a insíonn don Chomhar Creidmheasa cad atá le déanamh le do chuid airgid tar éis do bháis. Tá an tseirbhís Ainmniúcháin an-tairbheach do bhaill sa mhéid is go gceadaítear don té atá animnithe rochtain a fháil ar airgead ainmnithe laistigh de thréimhse an-ghearr tar éis bhás an bhaill. Agus cé nach dtabharfaidh sé faoiseamh dóibh siúd ón gcaillteanas a d’fhulaing sé, d’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair maidir le deacrachtaí sreabhadh airgid.

Céard a tharlaíonn do mo chuid scaireanna nuair a fhaighim bás?

Féadfaidh baill den Chomhar Creidmheasa duine a ainmniú chun a Scaireanna sa Chomhar Creidmheasa agus a shochair árachais (más ann dóibh) a l suas go dtí € 23,000, nuair a fhaigheann sé/sí bás.

Cé atá mé in ann a ainmniú?

Is féidir le ball duine ar bith is mian leis a ainmniú…..duine den chlann nó cara, nó grúpa daoine. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na baill athbhreithniú ar a bhfoirm ainmniúcháin go rialta.

An féidir liom ainmniúchán a athrú?

Is féidir. Beidh ort foirm nua ainmniúcháin a líonadh. Bíonn ainmniúchán neamhbhailí má phósann an ball nó má fhaigheann an duine a ainmníodh bás. Bheadh sé ciallmhar mar sin an t-ainmniúchán a athbhreithniú ó am go ham, d’fhonn a chinntiú gurb é/í  an duine/na daoine atá ainmnithe na daoine is oiriúnaí. Nóta: Ní chuireann colscaradh nó scaradh dlíthiúil ainmniúchán ar ceal.

Ar chóir dom ceist a chur faoi m’ainmniúchán?

Cinnte. Beidh lúcháir ar dhuine den fhoireann oibre a dheimhniú ar líon tú an fhoirm ainmniúcháin nó nár líon agus cé hé/hí an té a d’ainmnigh tú.

Ba chóir do bhaill a bheith ar a n-aire faoi na pointí seo a leanas

  • Ní mór don ainmniúchán a bheith i scríbhinn. Is féidir foirm ainmniúcháin a fháil i gceann ar bith dá gcuid oifigí.
  • Faoi láthair, is í an uasmhéid reachtúil a íocfar amach faoi ainmniúchán ná €23,000 .
  • Beidh aon suim airgid de bhreis ar an iarmhéid seo san áireamh mar chuid de d’eastát.
  • Má roghnaíonn tú gan ainmniúchán a chomhlánú, beidh fáltais do chuntais san áireamh mar chuid de d’eastát ag tráth do bháis agus déileálfar leis faoi théarmaí d’uachta, nó mura ndearna tú aon uacht, faoi rialacha díthiomnachta nó faoi fhorálacha d’íocaíochtaí beaga.*
  • Féadfaidh tú d’ainmniúchán a tharraingt siar nó a athrú tráth ar bith trí fhoirm ainmniúcháin nua a líonadh.
  • Ní féidir ainmniúchán a tharraingt siar nó a athrú i dtéarmaí d’uachta nó i gcodaisíl le d’uacht.
  • Tarraingítear ainmniúchán siar go huathoibríoch nuair a fhaigheann an duine a d’ainmnigh tú bás romhat féin. Sa chás seo, ba cheart duit smaoineamh ar fhoirm ainmniúcháin nua a líonadh. Mura ndéanann tú sin, beidh do mhaoin sa chomhar creidmheasa san áireamh mar chuid de d’eastát.
  • Déantar ainmniúchán a tharraingt siar go huathoibríoch má phósann tú i ndiaidh an ainmniúcháin a bheith déanta agat. Tabhair faoi deara nach gcuireann colscaradh nó scaradh dlíthiúil ainmniúchán ar ceal.
  • Sa chás go n-athraíonn do chúinsí pearsanta (m.sh. pósadh, colscaradh nó scaradh), ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar d’ainmniúchán ag an am sin.
  • Ní chuirtear coigilteas ainmnithe san áireamh in eastát duine a fuair bás.
  • Ní féidir le duine faoi 16 bliana d’aois ainmniúchán bailí a dhéanamh.

* Foráil d’Íocaíochtaí Beaga: I gcás nach bhfuil aon ainmniúchán bailí ann agus go bhfuil an tsuim airgid i do chuntas faoi bhun €15,000 san iomlán (árachas srl., san áireamh), féadfaidh Bord Stiúrthóirí Chomhar Creidmheasa MPCC, gan litreacha riaracháin nó probháide uachta, do chuid maoine sa Chomhar creidmheasa a dháileadh ar cibé duine/daoine is dóigh leis an mBord a bheith i dteideal de réir dlí an mhaoin sin a fháil.

Ag iarraidh tuilleadh faisnéise a fháil ar ár seirbhís Cuntas Ainmniúcháin? Cliceáil anseo chun labhairt le ball dár bhfoireann.