Scoláireacht

Scoláireacht do €1,500 le buachaint

Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cilleag filleadh arís le scéim scoláireachta  chun cuidiú le scoláirí an cheantair a gcuid costas a bhainistiú is iad ag cur lena gcuid oideachais cibé ar cúrsa tríú leibhéal  nó cúrsa printíseachta atá ann

Cómortas oscailte go dtí 22ú Deireadh Fómhair. Tarraingt oscailte a bheidh i gceist agus beidh an deis chéanna ag gach ball an scoláireacht a bhuachaint. Déanfar an tarraingt ar 25ú Deireadh Fómhair agus seolfar beo é ar Leathanach Facebook an Chomhar Creidmheasa.

TÁ AN SCÉIM SCOLÁIREACHTA OSCAILTE D’AON DUINE ATÁ….

  • Ina bhall do Chomhar Creidmheasa Cholm Cille
  • Ag freastal ar chúrsa tríú leibhéal faoi láthair nó i mbun printíseachta
  • Tar éis na hardteiste a chríochnú agus súil acu freastal ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana

Mura bhfuil tú I do bhall is féidir leat cuntas a oscailt tríd an nasc seo agus beidh muid ábalta do chuantas a shocrú suas chun cuir isteach ar an gcomórtas.




Foirm Iarratais Scoláireachta

Líon isteach do chuid sonraí go léir san fhoirm thíos le do thoil, agus cliceáil seol nuair a bheidh tú críochnaithe.

Eolas faoin gCúrsa

Ar mhaithe lenár seirbhisí a fheabhsú, ba mhaith linn thú a chur ar an eolas faoi na seirbhisí, comórtais nó faoi tháirgí nua atá á gcur ar fáil againn.

Dearbhaím go bhfuil an t-eolas thuas ceart. Dearbhaím freisin gur léigh mé agus go dtuigim na téarmaí agus coinníollachta a bhaineann leis an gcomórtas.


Tearmaí agus Coinníollacha

  • Scéim scoláireachta oscailte do scoláire ar bith atá ina bhall do Chomhar Creidmheasa Cholm Cille agus atá ag leanacht ar aghaidh chuig institúid tríú leibhéal, printíseacht nó cúrsa lán aimseartha tar éis na hardteiste, atá aitheanta ag an CAO .
  • Glacfar le hiarratais ó scoláirí atá ag tosú amach ar chúrsa tríú leibhéal i mbliana tar éis na hardteiste  nó atá ag freastal ar choláiste  faoi láthair agus atá ag filleadh ar ais ar choláiste i mbliana.
  • Oscailte do bhaill Chomhar Creidmheasa Cholm Cille nó aon bhall nua a ghlacann ballraíocht idir seo agus dáta deireadh iontrála an chomórtais, 7ú Deireadh Fómhair.
  • Is tarraingt oscailte a bheidh ann a chiallaíonn go mbeidh an deis chéanna ag gach ball an scoláireacht a bhuachan
  • Ní ghlacfaidh an Comhar Creidmheasa le hiarratais ach do chursaí lán aimseartha amháin .
  • Íocfar an scoláireacht ar choinníoll go bhfuil áit faighte ag an mbuaiteoir ar chúrsa  agus ní mór cruthúnas  a chur ar fáil maidir leis seo sula ndéanfar íocaíocht.
  • Gheobhaidh na scolaírí buacacha a gcuid íocaíochtaí scoláireachta  ina  dhá chuid, i.e. an chéad íocaíocht de €750 i mí Dheireadh Fómhair agus an fuílleach i mí Feabhra. Beidh ar iarrthoirí  cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil siad fós ag freastal ar an gcúrsa  i mí Feabhra.
  • Nuair a dhéanann tú iarratas ar an gcomórtas don scoláireacht, tá tú ag glacadh leis má bhuann tú an scoláireacht go nglacfaidh tú páirt in aon fhógraíocht, mar shampla grianghraif a fhoilseoidh Comhar Creidmheasa Cholm Cille
  • Ní féidir le baill teaghlaigh de chuid fhoireann an Chomhair Creidmheasa nó aon bhall teaghlaigh de chuid bhord stiúrtha an Chomhair Creidmheasa a bheith páirteach sa chomórtas.
  • Ní féidir leis an té a bhuann an comórtas cur isteach ar an gcomórtas arís an bhliain dár gcionn .
  • Is faoin gcoiste an cinneadh deireanach a dhéanamh.