Folúntas

Bainisteoir Ginearálta

Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo

An Cnoc, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teo ag lorg Bainisteoir Ginearálta le taithí chun an Comhar Creidmheasa a stiúradh agus oibriú go dlúth leis an mBord Stiúrtha, an fhoireann agus na baill chun tacú le forbairt an Chomhair Chreidmheasa sa todhchaí.

Beidh freagracht iomlán ar an mBainisteoir a cheapfar as bainistiú éifeachtach an Chomhair Chreidmheasa ó lá go lá, na nithe seo a leanas san áireamh:

feidhmíocht oibríochta agus airgeadais, stiúradh na foirne, rialachas, comhlíontacht rialála, bainistiú riosca chomh maith le cuspóirí straitéiseacha an Chomhair Chreidmheasa a bhaint amach.

Maidir le hiarratas a dhéanamh

Ní mór don iarratasóir:

• CV reatha a chur isteach; agus

• Litir chumhdaigh ina dtabharfaidh siad cuntas ar a n-oiriúnacht don phost.

Ba chóir na hiarratais a sheoladh i ríomhphost chuig:

foluntas@cccholmcille.ie

Dáta deireanach d’iarratais: 9ú Deireadh Fómhair 2026

Tá tuilleadh eolais faoin bpost agus riachtanais iarratasóirí le fáil ag an nasc seo : Iarratas Poist

Féach anseo Fógra Príobháideachta maidir leis an bpost : Fógra Priobháideachta