05
Eanáir 2021

Share

Tá méadú curtha ar uaireannta oscailte an Chomhar Creidmheasa ó mhí Márta seo caite is muid ag iarradh sláinte agus sábháilteach na mbaill agus an fhoireann oibre a chinntiú. Is muid ag scarú foireann an Chomhar Creidmheasa idir an dhá oifig ciallaíonn sé go bhfuil oifig na Ceathrún Rua oscailte faoi láthair ar an Luan agus ar an Máirt . Beidh muid ag déanamh athbhreithniú ar seo go rialta.

Tá gach réamhchúram á thógáil againn chun sábháilteacht agus sláinte ár mball agus na foirne a chosaint. Iarraimid ar gach éinne a thagann isteach sa Chomhar Creidmheasa an díghalrú láimhe atá ar fáil ag an doras a úsáid agus chomh maith leis sin go bhfanfadh daoine dhá mhéadar ar a laghad ó chéile.

Ba mhaith linn meabhrú do dhaoine gur féidir leo íocaíochtaí a dhéanamh ar an bhfón, tríd ár seirbhisí ar líne, má tá siad míchompordach ag teacht isteach san oifig.

Tuigeann muid freisin go bhfuil baill faoi bhrú airgeadais de bharr an gearchéim agus an impleacht atá aige ar a saol ach impíonn muid oraibh dul i dteagmháil linn agus go dtabhairfidh muid chuile chúnamh daoibh  chun teacht ar socrú éigin a fheileodh don bhall.

 

I dteannta a chéile is féidir cabhrú le chéile.

Ar ais ar Nuacht