Iasacht Clúdaithe 5%
Is bealach éifeachtúil, iasacht clúdaithe, le airgead a fháil agus gan baint den airgead atá i dtaisce agat.Tá cead agat suas leis an tsuim airgid atá i dtaisce agat a fháil ar iasacht ag ráta lascainithe úis de 5% (5.2% APR) agus díbhinn a thuilleamh ar an airgead atá i dtaisce agat freisin.
Príomhghnéithe
- Ar fáil i gcomhair na n-iasachtaí ar fad atá urraithe go hiomlán ag Scaireanna/Coigilteas.
- Téarma uasta iasachta – 5 bliana
- Uasmhéid Iasachta - €30,000
- Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce (Téarmaí agus Coinníollacha i gceist )
- Ní bhíonn aon phionós má dhéanann tú aisíocaíocht ar an iasacht go luath
- Téarmaí Iasachta Solúbtha
- Déanfar cinneadh go tapa agus go cinntitheach
Na cúiseanna a bhfuil ciall le Iasacht Clúdaithe
- Le leas a bhaint as ár ráta úis iasachtaí is ísle.
- Ní bhaintear den airgead atá i dtaisce agat.
- Roghanna aisíocaíochta solúbtha.
- Ceadú iasachta ar an bpointe, ag brath ar choinne
- Tá sé níos éasca iasacht a aisíoc ná airgead a chur i dtaisce arís.
- Níl aon srianta ag baint le cuspóir na hiasachta
- Ríomhtar aisíocaíochtaí ar d’iarmhéid laghdaitheach, ionas go n-íocann tú níos lú úis le gach aisíocaíocht.
- Tá d’iasacht ón gcomhar creidmheasa clúdaithe faoi árachas – faoi réir téarmaí agus coinníollacha – saor ó aon chostas díreach ortsa. Gearrann iasachtóirí eile táille air seo.
* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.
Tá sé níos éasca anois ná riamh iarratas a dhéanamh ar Iasacht Clúdaithe. Níl ort ach logáil isteach i do Chuntas Baincéireachta ar líne agus déan iarratas inniu.