Iasacht Críochnú Tithíochta
Is féidir le Comhar Creidmheasa Cholmcille cabhrú leat má tá tú ag tógáil do theach nua agus ag iarraidh é a chríochnú amach. Seans go mbeidh an t-iasacht nua seo feiliúnach duit chun do theach a chríochnú amach, ag ráta an-iomaíoch de 7.5% (7.75% APR). Má tá tú ag iarraidh troscán a fháil do do theach nua, an gairdín a réiteach nó oibreacha a dhéanamh taobh amuigh, glaoigh orainn agus labhair linn faoin gcineál seo iasacht.
Príomhghnéithe
- Iasacht ar fáil do Throscán tí, Earraí Leictreacha, Oibreacha Taobh Amuigh srl.
- Téarma uasta iasachta – 10 mbliana
- Íosmhéid Iasachta - €15,000
- Uasmhéid Iasachta - €50,000
- Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce (Téarmaí agus Coinníollacha i gceist)
- Is é an sprioc atá againn ná cinneadh a dhéanamh laistigh de 24 uair an chloig tar éis dúinn na cáipéisí riachtanacha ar fad a fháil
- Ní mhór don iasacht an teach a chur sa riocht gur féidir cónaí ann
- Maidir le hiarratais ar Iasacht Críochnú Tithíochta, d’fhéadfaí meastachá(i)n maidir leis na hoibreacha atá beartaithe a lorg sula n-eiseofaí an iasacht.
Mura bhfuil tú i do bhall is féidir leat iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht inniu. * Ar mhaithe le slándáil agus suaimhneas intinne cuirimid Árachas Cosanta Iasachta saor in aisce. *Tá gach iasacht bunaithe ar an gcumas aisíocaíocht a dhéanamh, ní ar do choigilteas.
* Rabhadh: Mura gcomhlíonann tú na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí. ** Tá iasachtaí faoi réir a gceadaithe. Tá téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm. Mura gcomhlíonann tú le na haisíocaíochtaí ar d’iasacht, rachaidh riaráistí i do chuntas. D’fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do rátáil chreidmheasa a d’fhéadfadh teorainn a chur le do chumas rochtain a fháil ar chreidmheas sa todhchaí.