About

Scéal an Chomhair Chreidmheasa

Bunaíodh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta i 1986 chun seirbhísí airgeadais a chur ar fáil do Phobal Dheisceart Chonamara. Ón am sin i leith tá os cionn 10,000 duine sa phobal tar éis ballraíocht a ghlacadh sa Chomhar Creidmheasa.

Tá Ceantar Feidhme againn a shíneann ó Na Forbacha siar go Ceantar na nOileán agus ó thuaidh go Camus. Is léargas maith ar an gcaoi ar ghlac muintir na háite leis an gcomhar creidmheasa ón tús an bhallraíocht láidir atá againn i ngach cuid den cheantar feidhme.

Ag an tús, mar a thuigfeá, cuireadh ár gcuid seirbhísí ar fáil ar bhonn páirt aimseartha i hallaí pobail agus in oifigí eile mar iad agus is muid atá buíoch do na daoine a chur na háiseanna sin ar fáil dúinn ag an am.

Tháinig an fás dár ndóigh agus d’oscail muid dhá oifig dár gcuid féin, an príomh-oifig ar an gCnoc in Indreabhán agus an dara oifig ar an gCeathrú Rua chun freastal ar ár mbaill san leath thiar den cheantar feidhme.

Tá ag éiri go maith leis an gComhar Creidmheasa agus dóchas againn go mairfidh sé mar chuid lárnach den Phobal ar feadh blianta fada eile.

Ár bhFealsúnacht

Baill de phobal Dheisceart Chonamara a tháinig le chéile i lár na 1980’daí chun comhar creidmheasa a bhunú chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal sa Cheantar Feidhme. Daoine áitiúla a raibh sé d’aidhm acu seirbhís a sholáthar don phobal a bá iad.

Eagraíocht phobail é an comhar creidmheasa atá á rith ag an bpobal ar son an phobail. Is iad na baill úinéirí an chomhair creidmheasa agus is iad atá á rith. Tá Bord Stiúrtha do naoinúr atá tofa ag na baill agus a fheidhmíonn ar son na mBall uile.

Roghnaítear baill nua don Bhord Stiúrtha ag an gCruinniú Cinn Bhliana gach bliain agus tá sé de chead agatsa, mar bhall, d’ainm a chur chun cinn chun aon fholúntas a bhíonn ar an mBord a líonadh i dtoghchán a bhíonn mar chuid den chruinniú. Is iondúil gur tríur nó ceathrar ball nua a cheaptar ar an mBord gach bliain.

Tá cúramaí ar leith ar an mBord i leith stiúradh an Chomhair Chreidmheasa agus tá cúramaí eile ar an mBainisteoir agus á foireann i dtaca le bainistiú. Ta ról an Bhoird agus na bainistíochta sonraithe i rialacha de chuid Chomhcheangal na gComhar Creidmheasa agus i reachtaíocht de chuid an Stáit i dtaca le bainistiú ceart a dhéanamh ar Chomhair Creidmheasa go sonrach agus eagrais airgeadais go ginearálta. Cloíann Comhar Creidmheasa Cholm Cille go daingean leis na rialacha uile a bhaineann le rith comhar creidmheasa.

An Ghaeilge

Mar eagraíocht phobail a bunaíodh agus atá ag déanamh a ghnó uile i gceantar Chonamara tá an Ghaeilge mar chuid lárnach d’fheidhmiú Chomhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta ón tús. Is í an Ghaeilge amháin a úsáidtear i bhfeidhmiú an chomhair chreidmheasa ó lá go lá agus is trí Ghaeilge a bhíonn gach cruinniú inmheánach. Tuigeann muid go bhfuil baill againn nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus cuirtear seirbhís phroifisiúnta ar fáil dóibh chomh maith céanna ach d’aon duine gur mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ar fáil chuige sin.

An Todhchaí

Tá an saol athraithe go mór ó bunaíodh Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta sna 1980’daí agus caithfear a rá go bhfuil an comhar creidmheas féin athraithe go mór sa tréimhse sin freisin. Tá fás tagtha air nach bhféadfadh an grúpa daoine a tháinig le chéile chun é a bhunú a shamhlú.

Is féidir a bheith cinnte nár samhlaóidh ag an am go dtiocfadh an lá a mbeadh os cionn 10,000 ball agus luach os cionn €50 milliún ar an gComhar Creidmheasa.

Leis an teicneolaíocht atá ar fáil anois agus seirbhísí ar fáil ar bhonn idirnáisiúnta, seirbhísí baincéireachta san áireamh, is fiú ceist a chur faoi ról comhar creidmheasa áitiúil cosúil le Comhar Creidmheasa Cholm Cille Teoranta. Idir bhancanna agus oifigí poist ag dúnadh ar fud na tíre is féidir a rá go bhfuil eagraíocht aitiúil níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh. Léiríonn leibhéal gníomhaíochta na mball ó lá go lá an tábhacht sin.

Is é gníomhaíocht na mBall a chinnteoidh todhchaí don Chomahr Creidmheasa. Cosúil le gach gnó eile caithfear costais reachtála a chlúdach agus is trí iasachtaí do bhaill a thagann an t-ioncam chuige sin. Mar bhall tá todhchaí an Chomhair Creidmheasa i do láimh. Nuair atá iasacht á lorg agat arís, bíodh sé do charr, d’athchóiriú tigh, d’oideachas, do shaoire nó d’aon chuspóir eile, is feidir leat tacú le do chomhar creidmheasa féin trí muid a chur san áireamh mar fhoinse don iasacht sin. Is é do ghnó a chinnteoidh an todhchaí.

Don todhchaí freisin tá soláthar seirbhisí comhaimseartha riachtanach duitse mar bhall. Tá muide anseo ag infheistiú i dteicneolaíocht nua agus bealaí nua chun seirbhísí a sholáthar chun go mbeidh muid in ann freastal ar do chuid riachtanais agus muid de shíor sa tóir ar fheabhas a chur ar ár gcuid seirbhísí.

Tugann sé brí do mhanna an Chomhair Chreidmheasa

Ar scáth a cheile a mhaireann muid