Ciste Pobal

Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag glacadh le hiarratais anois ar an gCiste Pobail de €50K atá á fhógairt acu do ghrúpaí deonacha nó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantar feidhme an Chomhair Chreidmheasa.


Tuigeann an Comhar Creidmheasa go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint leis na pobail áitiúla mar acmhainn dúinne agus chun aitheantas a thabhairt dó seo, tá Ciste Pobail bunaithe don chéad uair riamh ag an gComhar Creidmheasa chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí, chun tograí a mhaoiniú.


Tugann an Comhar Creidmheasa tacaíocht do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí cheana féin trí urraíochtaí a chur ar fáil dóibh ach is is ciste breise é an ciste seo atá á fhógairt don bhliain seo.
Is €50,000 an tsuim iomlán atá sa chiste pobail agus tá critéir leagtha síos maidir leis na cineálacha tograí ar mhian leis an gComhar Creidmheasa maoiniú a chur ar fáil dóibh.
Leis an gCiste Pobail seo, ba mhaith leis an gComhar Creidmheasa cúnamh a thabhairt chun togra/tograí éigin a chur chun cinn a bheadh chun leasa an phobail, a bheadh inmharthana ó thaobh airgeadais agus a bheadh inbhuanaithe go fadtéarmach.


Glacfar le hiarratais ar an gciste seo ó eagrais a chuireann isteach ar íosmhéid de €10,000. (Tá an íosmhéid seo leagtha síos de bhrí go bhfuil an Comhar Creidmheasa ag iarraidh go mbeidh tionchar suntasach ag an maoiniú a chuirfidh muid ar fáil dóibh ar na tograí a roghnófar).


Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an gCiste Pobail seo ná: 29ú Márta 2024.

Fáigh ceangailte thíos cóip den fhoirm iarratais chomh maith le breis eolas faoi na téarmaí & coinníolacha leis an gciste.

Foirm Iarratais

Leathanach Eolais