05 Márta 2021
Baincéireacht ar Líne FAQ
Tá mé cláraithe le haghaidh CU247 cheana féin. Céard a dhéanfaidh mé anois?
Níl ort clárú ( Registration) arís má bhí tú cláraithe le haghaidh CU247 cheana féin. Tabharfaidh an córas anall sonraí gach ball a raibh baincéireacht ar líne acu cheana féin.
Faraor, beidh ort “Logáil Isteach” ar ár suíomh nua idirlín www.cccholmcille.ie chun do chuntas a dhearbhú den chéad uair. Tá an cnaipe seo thuas in uachtar ar thaobh na láimhe deise ar an suíomh.
Chun logáil isteach iarrfaidh sé ort na sonraí seo thíos a chur isteach
- Uimhir Bhallraíochta
- Dáta breithe
- Trí uimhir as do PIN baincéireachta ar líne.
Nóta:
- Ní hé an User ID do Bhaincéireacht ar líne a usáideann tú ach d’Uimhir Bhallraíochta sa Chomhar Creidmheasa.
- Is é an PIN céanna do bhaincéireacht ar líne a bhí agat do CU247 a usáideann tú anseo.
Tar éis sin is féidir leat an aip nua a íoslódáil san app store. Beidh an aip seó ar fail sa siopa Aip an tseachtain seo chugainn. Gheobhaidh tú an aip trí Chomhar Creidmheasa Cholmcille nó CC Cholmcille a chuardach. Ag an am seo molann muid duit an sean aip CU247 a bhaint de d’fhón mar nach mbeidh sé ag obair níos mó.
Tá dearmad déanta agam ar mo PIN?
Bhí mé cláraithe cheana ach rinne mé dearmad ar m’uimhir PIN?
Téigh go dtí an suíomh idirlín agus brúigh an cnaipe “Logáil isteach” thuas ar bharr an leathanaigh ar thaobh na láimhe deise. Ag íochtar an leathanaigh sin cliceáil ar Do Pin Caillte. Beidh ort do chuid sonraí a chur isteach chun do chuntas a dheimhniú. Cuirfidh an Comhar Creidmheasa glaoch ort ansin ar an uimhir fóin a thugann tú chun a dheimhniú gurb é/í an ball atá ann. Nuair a dheimhníonn tú é seo seolfaidh siad téacs chugat le PIN Nua. Mairfidh an PIN nua ar feadh 24 uair an chloig. Mar sin beidh ort logáil isteach ar do chuntas san am sin agus uimhir PIN nua a roghnú.
Baill Nua le clarú
Tá mé ag iarraidh clarú do bhaincéireacht ar líne. Ni raibh mé cláraithe cheana féin ?
Téigh go dtí ár suíomh aguc cliceáil ar Clárú. Líon isteach do chuid sonraí anseo agus seol ar aghaidh iad.
Gheobhaidh muidne na sonraí anseo agus cuirfidh muid glaoch ar ais ort le linn gnáth uaireanta oifige chun deimhniú gur tú an ball a chuir ar aghaidh an t-iarratas. Nuiar atá sé sin deimhnithe agat seolfar téacs chugat le d’uimhir PIN nua a ligfidh isteach i do chuntas baincéireachta ar líne tú.
Tar éis sin, Is féidir leat dul go dtí an siopa Aip (Apple/Google Play) chun d’aip a íoslódáil.