15 Márta 2024
SEPA
Ó thráthnóna Dé hAoine 15 Márta go dtí Dé Luain 18 Márta 2024, beidh athrú éigeantach á dhéanamh ar na Scéimeanna Íocaíochta SEPA Eorpacha. D’fhéadfadh sé go mbeadh moill ar phróiseáil íocaíochta i mbainc agus i gcomhair chreidmheasa na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Dá bharr seo, d’fhéadfadh sé nach gcuirfí íocaíochtaí SEPA (íocaíochtaí Euro ar fud na hÉireann agus an AE) a dhéantar ar an Aoine 15 Márta isteach i gcuntas an tairbhí go dtí Dé Luain 18 Márta agus d’fhéadfadh sé nach bhfeicfí na híocaíochtaí seo i gcuntais na gcustaiméirí ag an deireadh seachtaine mar a tharlaíonn de ghnáth. Molann Pobal Baincéireachta na hÉireann do gach custaiméir íocaíochtaí a dhéanamh ar an Déardaoin 14 Márta nó go luath maidin Dé hAoine 15 Márta lena chinntiú go gcuirtear an t-airgead i gcuntas an tairbhí ar an Aoine.