05
Deireadh Fómhair 2021

Share

Tá  áthas ar Chomhar Creidmheasa Cholmcille a fhógairt go bhfuil muid ag cuir lenár uaireanta oscailte in oifig an Chnoic is muid ag oscailt ar an gCéadaoin anois ón 6ú Deireadh Fómhair ar aghaidh. Ciallóidh sé seo go mbeidh fáil ag ár mbaill ar seirbhisí an Chomhar Creidmheasa anois sé lá na seachtaine ó Luan go Satharn.

Ó bunaíodh an Comhar Creidmheasa breis agus 35 bliain ó shin, bhíodh an Comhar Creidmheasa dúnta ar an gCéadaoin sa dá oifig ach de bharr an fhás leanúnach atá tagtha ar an gComhar Creidmheasa, agus an méadú leanúnach atá dá chur leis na seirbhísí atá dá chur ar fáil do na baill, bheartaigh Bord Stiúrtha agus Bainistíocht an Chomhar Creidmheasa oscailt ar an gCéadaoin chun cinntiú go bhfuil an Comhar Creidmheasa ag  freastal ar an éileamh atá ag na baill ar na seirbhísí a chuireann an Comhar Creidmheasa ar fáil.

 

Chomh maith leis seo tá oifig na Ceathrún Rua ar ais go dtí na gnáth laethannta oscailte a bhí againn roimh an pandéim sin oscailte  Déardaoin, Dé hAione agus Dé Sathairn.

Ar ais ar Nuacht