Ciste Pobal
Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag glacadh le hiarratais anois ar an gCiste Pobail de €50,000 atá á fhógairt arís i mbliana do ghrúpaí deonacha nó eagraíochtaí atá lonnaithe i gceantar feidhme an Chomhair Chreidmheasa.
Tuigeann an Comhar Creidmheasa go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint leis na pobail áitiúla mar acmhainn dúinne agus chun aitheantas a thabhairt dó seo, tá Ciste Pobail bunaithe don dara bliain ag an gComhar Creidmheasa chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí, chun tograí a mhaoiniú.
D'éirigh thar barr leis an gCiste Pobail seo anuraidh agus cuireadh maoiniú de €10,000 ar fáil do chúig eagraíocht.
Tugann an Comhar Creidmheasa tacaíocht do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí cheana féin trí urraíochtaí a chur ar fáil dóibh ach is is ciste breise é an ciste seo atá á fhógairt don bhliain seo. Is €50,000 an tsuim iomlán atá sa chiste pobail agus tá critéir leagtha síos maidir leis na cineálacha tograí ar mhian leis an gComhar Creidmheasa maoiniú a chur ar fáil dóibh.
Leis an gCiste Pobail seo, ba mhaith leis an gComhar Creidmheasa cúnamh a thabhairt chun togra/tograí éigin a chur chun cinn a bheadh chun leasa an phobail, a bheadh inmharthana ó thaobh airgeadais agus a bheadh inbhuanaithe go fadtéarmach.
Glacfar le hiarratais ar an gciste seo ó eagrais a chuireann isteach ar íosmhéid de €10,000. (Tá an íosmhéid seo leagtha síos de bhrí go bhfuil an Comhar Creidmheasa ag iarraidh go mbeidh tionchar suntasach ag an maoiniú a chuirfidh muid ar fáil dóibh ar na tograí a roghnófar).
Is é an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar an gCiste Pobail seo ná: 4ú Aibreán 2025.
Fáigh ceangailte thíos cóip den fhoirm iarratais chomh maith le breis eolas faoi na téarmaí & coinníolacha leis an gciste